An difríocht idir athruithe ar: "Bob Dylan"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 14:
Chaith Zimmerman mórán dá óige ag éisteacht leis an [[raidió]] – thosaigh sé ar dtús ag éisteacht leis na stáisiúin raidió a sheinn [[ceol tíre]] agus [[na gormacha]] agus níos déanaí d’éist sé le [[rac-cheol|rac is roll]]. D'eisigh a 37ú albam agus an ceann is déanaí, ''Fallen Angels'' i 2016. Bronnadh [[Duais Nobel na Litríochta]] air sa bhliain 2016 (Níor bhuaigh aon [[scríbhneoir]] amhrán an duais seo roimhe seo).
 
== NaA chéadShaol ghrúpaíagus A Shaol Oibre ==
Do bhunaigh sé roinnt bannaí agus é ar scoil. Níor mhair a chéad [[Banna ceoil|bhanna]], ''The Shadow Blasters'', rófhada ach bhí níos mó ratha air leis an dara banna, ''The Golden Chords''. Sheinn siad a leaganacha féin d'amhráin mhór-ráchairte an ama sin.
 
=== Bunús agus Tús a Cheol ===
Ina bhliainiris i [[1959]] dúirt [[Robert Zimmerman]] gurb é an uaillmhian a bhí aige ná “To join Little Richard”. Sa bhliain chéanna, ag úsáid an ainm Elston Gunn, sheinn sé an pianó do [[Bobby Vee]].
Saolaíodh Bob Dylan ar an 24ú Bealtaine, 1941 leis an t-ainm Robert Allen Zimmerman in Ospidéal Naomh Mhuire i nDuluth, [[Minnesota]], agus tógadh é i Hibbing, Minnesota ar an Raon Mesabi siar ó [[Loch Superior]]. Tá deartháir níos óige aige, David. Chuaigh seantuismitheoirí Dylan ar thaobh a athair, Zigman agus Anna Zimmerman, ar imirce ó Odessa, in [[Impireacht na Rúise]] ([[an Úcráin]] anois), go dtí [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stáit Aontaithe]] i nidadh na pograim frith-Sheimíteach i 1905. Ba [[An Giúdachas|Giúdaigh]] [[An Liotuáin|Liotuánach]] iad a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthair, Ben agus Florence Stone, a shroich na Stáit Aontaithe i 1902. In a dhírbheathaisnéis, ''Chronicles: Volume One,'' scríobh Dylan gurbh é Kirghiz sloinne a sheanmháthair ar thaobh a athair sular phós sí agus gur tháinig a clann ón gceantar Kağizman den Cúige Kars in oirthuaisceart na [[An Tuirc|Túirce]].
 
Ba chuid de phobal beag Giúdach a sheas le chéile iad athair Dylan, Abram Zimmerman - úinéir siopa gléasanna leictreacha - agus máthair Dylan, Beatrice "Beatty" Stone". Bhí cónaí orthu i nDuluth go dtí go raibh Robert sé bliana d'aois, nuair a tháing póilió ar a athair agus bhog an teaghlach ar ais go baile dúchais a mháthair, Hibbing, áit a d'fhan siad i gcomhair an cuid eile de óige Robert. D'éist sé leis an raidó mar pháiste - ar dtús bhíodh sé ag éisteacht leis na gormacha agus ceol tíre agus níos déanaí, mar déagóir, bhíodh sé ag éisteacht le rac is roll.
 
D'fhoirmigh sé roinnt bannaí ceol agus é ag freatsal ar Ardscoil Hibbing. Ins na 'Golden Chords' sheinn sé leaganacha d'amhráín Little Richard agus [[Elvis Presley]]. Nuair a sheinneadar "Rock and Roll Is Here to Stay" le Danny & The Juniors ag seo tallainne ina scoil bhíodar chomh glórmhar go raibh ar an príomhoide an micreafón a mhúcadh. Ar an 31ú Eanair, 1959, trí lá sular fuair sé bás, sheinn Buddy Holly ag an Duluth Armory. Bhí Zimmerman, agus é seacht mbliana déag d'aois sna lucht féachana; ins an léacht a rinne sé nuair a bhuaigh sé a Dhuais Nobel dúirt Dylan: ''"He looked me right straight dead in the eye, and he transmitted something. Something I didn't know what, And it gave me chills".''
 
== San ollscoil ==