An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh na hÉireann (1913-1919)"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 5:
Eagraíocht mhíleata ba ea '''Óglaigh na hÉireann''' bhunaithe i 1913 ag na naisiunaithe Eireannach. Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na [[an Bhreatain Mhór|Breataine]] go dtabharfaí [[Rialtas Dúchais]] d'[[Éire|Éirinn]] sa bhliain [[1912]], d'eagraigh na h[[Aontachtóirí]] feachtas láidir ina choinne le cabhair ón b[[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]]. Tugadh airm agus armlón i dtír i [[Latharna]] agus bhagair Óglaigh Uladh cogadh fuilteach dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialtas Dúchais.
Nuair a chonaic náisiúnaithe na hÉireann an bhagairt seo, cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun.
Níos déanaí, thosaigh Óglaigh na hÉireann ag earcú agus ag druileáil agus níorbh fhada go raibh na scórtha míle ball acu. Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda amach d'fhógair ceannaire na [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann|Náisiúnaithe Parlaiminteacha]], [[Seán Mac Réamainn]], go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na [[an Ghearmáin|Gearmáine]], 'ar son saoirse na náisiún beag'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas [[Eoin Mac Néill|Eoin Mhic Néill]] agus [[Pádraig Mac Piarais|Phádraig Mhic Phiarais]] a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh [[na hÓglaigh Náisiúnta]] orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile.
|