An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh na hÉireann (1913-1919)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 5:
Eagraíocht mhíleata ba ea '''Óglaigh na hÉireann''' bhunaithe i 1913 ag na naisiunaithe Eireannach. Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na [[an Bhreatain Mhór|Breataine]] go dtabharfaí [[Rialtas Dúchais]] d'[[Éire|Éirinn]] sa bhliain [[1912]], d'eagraigh na h[[Aontachtóirí]] feachtas láidir ina choinne le cabhair ón b[[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]]. Tugadh airm agus armlón i dtír i [[Latharna]] agus bhagair Óglaigh Uladh cogadh fuilteach dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialtas Dúchais.
 
Nuair a chonaic náisiúnaithe na hÉireann an bhagairt seo, cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun. Bheartaigh [[Erskine Childers]] cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí.

Ar an [[26 Iúil]] [[1914]], tugadh airm i dtír ar an luamh [[Asgard]] i m[[Binn Éadair]]. Níos déanaí an lá sin, rinne rinne [[arm na Breataine]] iarracht na hairm sin a ghabháil agus maraíodh triúr sa scliúchas, ar Siúlán Bhaitsiléir, i m[[Baile Átha Cliath]] (níor cuireadh in éadan Óglaigh [[Uladh]] ar an mbealach céanna).
 
Níos déanaí, thosaigh Óglaigh na hÉireann ag earcú agus ag druileáil agus níorbh fhada go raibh na scórtha míle ball acu.
 
Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda amach d'fhógair ceannaire na [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann|Náisiúnaithe Parlaiminteacha]], [[Seán Mac Réamainn]], go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na [[an Ghearmáin|Gearmáine]], 'ar son saoirse na náisiún beag'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas [[Eoin Mac Néill|Eoin Mhic Néill]] agus [[Pádraig Mac Piarais|Phádraig Mhic Phiarais]] a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh [[na hÓglaigh Náisiúnta]] orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile.
 
Bhí na hÓglaigh seo páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]], [[1916]], agus throid siad i g[[Cogadh na Saoirse]]. De réir a chéile, tar éis fhógairt na Poblachta sa bhliain [[1919]], tugadh "Arm Poblachtánach na hÉireann" (''Irish Republican Army'' as Béarla, nó an t[[IRA]]) orthu chomh maith. I ndiaidh bhunú an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]], mhair an tIRA mar arm mídhlíthiúil. De réir mar a ghlac cuid den IRA leis an stát Éireannach, agus iad ag dul le polaitíocht shíochánta, tháinig scoilt i ndiaidh scoilte ar an IRA, agus drong nua ag teacht ar an saol le leanúint leis an gcath, go háirithe in aghaidh chríochdheighilt na hÉireann.