An difríocht idir athruithe ar: "Titimeas"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Spike-waves.png|thumb|right|250px|EEG tipiciúil an titimis neamhláithreachta]]
Is galar ainsealach [[Néareolaíocht|néareolaíoch]] é an '''titimeas''' (seantéarma eile i n[[Gaeilge]]: ''an tinneas beannaithe'', i m[[Béarla]] ''epilepsy'' as [[Sean-Ghréagis]] ἐπίληψις "an t-ionsaí").
Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na [[inchinn|hinchinne]]. Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis).
Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.
 
Is coitianta an galar é an titimeas. Ceaptar go gcuireann an titimeas isteach ar duine amháin ar a laghad as 200.
 
== Cineálacha titimis ==
Tá dhá priomhchineál titimis ann: an '''titimeas ginearálaithe''' agus an '''titimeas fócasach'''.
 
Tá dhá priomhchineál titimis ann: '''titimeas ginearálaithe''' agus '''titimeas fócasach'''.
 
Roinntear an dá chineál i bhfóchineálacha éagsúla de réir cúis (cúis ar eolais nó cúis anaithnid), cumraíocht na dtaomanna (taomanna tónacha clónacha, taomanna mioclónacha, taomanna neamhláithreachta, is araile), aois na ndaoine (roinnt cineálacha speisialta san óige) agus suíomh san inchinn (i maotháin na hinchinne).
 
== Diagnóis ==
Is é an ceistiú ar an othar (an anaimnéis) an modh diagnóise is tabhachtaí. Modhanna eile an [[leictreinceifileagram]] (EEG) agus modhanna raideolaíochta, go háirithe an [[íomháú athshondais mhaighnéadaigh]] (MRI).
 
Is é ceistiú ar an othar (an anaimnéis) an modh diagnóise is tabhachtaí. Modhanna eile an [[leictreinceifileagram]] (EEG) agus modhanna raideolaíochta, go háirithe an [[íomháú athshondais mhaighnéadaigh]] (MRI).
 
== Teiripe ==
 
Is é sprioc na teiripe ná taomanna a chosc. Tugtar cógais mar shampla Carbamazepine, aigéad Valpróach (Valproic acid), Phenytoine, Lamotrigine, Levetiracetam, Gabapentin, agus araile.