An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"

Content deleted Content added
No edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 132:
 
== Eacnamaíocht ==
{{Príomhalt|Eacnamaíocht na hÉireann}}
 
Is tír ag cleachtadh comórtais cánaigh í Éire; tá ceann dena hualaí cánaí is ísle san AE aici. Is é an pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €8.65 in aghaidh na huaire. Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go h-áirithe óna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta idirnáisiúntaí a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí inti. Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbaithe; tá sé le roinnt blianta anuas ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis na hÉireann, agus meastar gur é 60,000 an líon na bpost a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach. Faightear na poist seo den chuid is mó i gcomharsanacht na ghnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid lena mhéid mhór i dtéarmaí a luach, ní fhostaíonn sí ach beagán duine: sa bhliain 2002, níor d'fhostaigh an tionscal airgeadais ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an [[Olltáirgeacht intíre|OTI]] náisiúnta. Dá réir sin, tá poist sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; ar taobh eile, tá tionscail mar an [[talmhaíocht]] agus an próiseáil bia nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine go réasúnta, i bpoist atá níos measa íoctha i gcomparáid.
Eacnamaíocht bheag agus nua-aimseartha, a bhraitheann ar thráchtáil is ea eacnamaíocht na hÉireann, le méan-fhás de bheagnach 10% sa thréimhse [[1995]]-[[2000]]. Ba í an [[talmhaíocht]] an roinn ba thábhachtaí go stairiúil, ach faoi láthair tá i bhfad níos mó tionscal, le 38% d'[[olltáirgeacht intíre]] (OTI), timpeall is 80% d'easpórtáil, agus 28% den lucht oibre. Cé gur easpórtáil an príomh-inneall d'fhorás láidir na tíre, tá an eacnamaíocht ag dul i bhfeabhas de bharr ardú i gcaiteachas tomhaltais agus de bharr athbheochan sa bhfoirgníocht agus in infheistíocht gnó.
 
Le deich mbliana anuas, tá roinnt cláracha eacnamaíocha curtha ar bun ag an Rialtas, chun srian a chur le [[boilsciú|bhoilsciú]], eire cánach a laghdú, caiteachas an Rialtais mar chéatadán d'olltáirgíocht intíre a laghdú, lucht oibre níos oilte a fhorbairt agus infheistíocht eachtrach a chur chun cinn. Thosaigh Éire, maraon le 11 náisiúin Eorpach eile, ag úsáid an [[eoró]] mar airgeadra ó mhí [[Eanáir]] [[1999]] (cuireadh tús le boinn agus nótaí nua ó [[2001]]). I rith na [[1990idí|nóchaidí]], de bharr an fháis eacnamaíochta láidir, tugadh an ainm ''"[[An Tíogar Ceilteach|An Tíogair Ceilteach]]"'' ar eacnamaíocht na tíre. Bhí tionchar mór ag moilliú eacnamaíoch an domhain, a thosaigh i [[2001]], ar eacnamaíocht na hÉireann, go mór mór sa roinn easpórtáil teicneolaíochta – baineadh beagnach leath den ráta fáis. Ní raibh fás chomh holc sin i dtaobh OTI, le ráta timpeall 6% i 2001 agus [[2002]] – ach i [[2003]], measadh an ráta a bheith timpeall 2%. Ó 2001 ar aghaidh, tá ráta an-íseal i dtaobh olltáirgeacht náisiúnta (OTN). <ref>http://www.finance.gov.ie/documents/publications/other/bes_04.pdf</ref>
 
=== Iompar ===