An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"
Content deleted Content added
→An cogadh féin: Scrios mé glanadh |
|||
Líne 15:
|taismigh2 = Básanna: 4,386,000<br /> Gortaithe: 8,388,000<br /> In easnamh: 3,629,000
|}}
Is éard a bhí i gceist leis '''an gCéad Chogadh Domhanda''' nó '''an [[Cogadh]] Mór''' ná coimhlint [[An Domhan|dhomhanda]] a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na [[Cogadh|cogaí]] go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], [[Impireacht na Rúise]], agus [[an Fhrainc]], is é sin, an ''Entente'' Triarach, chomh maith leis [[an Iodáil]] nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná [[An Ostair-Ungáir|
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e. Bhí cathanna [[farraige]] agus [[Eitleán|aeir]] ann chomh maith. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i [[machaire]] an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.▼
== Cúiseanna an chogaidh ==▼
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Go bunúsach, tharraing an Ostair agus an t[[An tSeirbia|Seirbia]] a gcuid comhghuaillithe isteach sa chogadh, agus bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an tSeicslóvaic, an Iúgslaiv, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn agus an Liotuáin.▼
=== Rás na nArm ===▼
Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain [[1870]] a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.
Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí [[Otto von Bismarck]], Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an t[[síocháin]] a choinneáil le [[Tír|tíortha]] eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín [[Taidhleoir|taidhleoireacht]]<nowiki/>a agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.
▲== Cúiseanna an chogaidh ==
Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le h[[Impireacht na Rúise]], nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná [[an Fhrainc]] agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.
Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire [[Uilliam II na Gearmáine|Uilliam a Dó]] a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh [[Náisiúnachas|náisiúnaíoch]] impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.
▲=== Rás na nArm ===
Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na [[Sasanaigh]], go háirithe an dóigh a raibh [[Cabhlach cogaidh|loingeas]] cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na
Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.
=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===▼
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am. An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an ''Ruhrgebiet'', a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin. De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.▼
=== Míleatachas agus uathlathas ===
[[Íomhá:SoldiersWWI.jpg|thumb|right|Saighdiúirí [[Éire]]annacha ag ligean scíth le linn [[Cath na Somme|Chath na Somme]], 1 Iúil, 1916]]
Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, [[Woodrow Wilson]], agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí [[Conradh na Náisiún]] ar bun agus cheap sé dá
=== Impiriúlachas eacnamaíochta ===
Cheap [[Vlaidímír Leinín|Vladimir Lenin]] go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an [[Impiriúlachas Nua|impiriúlachas]] domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí [[Karl Marx]] agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san [[An Afraic|Aifric]] agus san [[An Áise|Áise]], agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na
=== Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua ===
Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an [[Stair|staraí]] A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an [[tír]] ag titim as a chéile agus an [[náisiúnachas]] ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an [[An Tuirc|Tuirc]] as a chéile (bhí cogadh sa [[An Libia|Libia]] idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc
An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint [[Alsace-Champagne-Ardenne-Lorraine|Alsace]] agus [[Lorraine]] sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dainséarach don Ghearmáin.
== Forógra cogaidh agus tús an chogaidh ==
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.
* [[Cath an Somme]]▼
▲
▲=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é [[Plean Schlieffen]], plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.
▲
▲Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e. Bhí cathanna [[farraige]] agus [[Eitleán|aeir]] ann chomh maith. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i [[machaire]] an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.
* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh.
▲* [[Cath an Somme]], 1916
* [[Cath Verdun]], [[21 Feabhra]] go [[18 Nollaig]] [[1916]]
== Deireadh an chogaidh ==
Ba é [[Conradh Versailles]] a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é. Conradh síochána idirnáisíunta ab ea '''an [[Conradh Versailles]]''', a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus [[an Ghearmáin]]. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i b[[Pálás Versailles]] i b[[Páras]] na [[An Fhrainc|Fraince]]. Féach freisin: '''[[Conradh Versailles]].'''
== Torthaí ==
Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin. Thosaigh [[Réabhlóid na Rúise 1917|Réabhlóid na Rúise]] go gairid ina dhiaidh, agus athraíodh an [[An Eoraip|Eoraip]] ón bhunús. Sa socrú síochána, cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Cuireadh deireadh le an-chuid monarcachtaí freisin agus tús len a lán tíortha beaga daonlathacha. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo, áfach, mar gheall ar a neamhchobhsaíocht. Thosaigh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh Cathartha na Spáinne]] go hindíreach mar thoradh, agus scriosadh an geilleagar in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na heacnamaíochta.
== Féach freisin ==
* [[:Catagóir:Cathanna sa Chéad Chogadh Domhanda|Cathanna sa Chéad Chogadh Domhanda]]
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{stumpa}}
|