An difríocht idir athruithe ar: "Rúraíocht"

Content deleted Content added
m litriú - scéalt -> scéalta
Mahagaja (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Sraith scéalta ársa de chuid na nGael. Tugtar laochscéalta orthu agus tá a bhformhór suite i gCúige Uladh. Is iad [[Conchúir Mac Neasa]], rí Uladh, agus an laoch [[Cú Chulainn]], príomhcharachtar na scéalta de ghnáth. Bhí cónaí ar an rí in Eamhan Macha agus buíon laochra aige darbh ainm an Chraobh Rua. I measc na scéalta is cáiliúla tá [[Oidheadh Chlainne Uisnigh]], scéal tragóideach faoin ógbhean [[Deirdre]] a bhí roghnaithe mar chéile ag Conchúir Mac Neasa, ach a d'éalaigh le Naoise go hAlbain. Tar éis tamaill d'iarr Conchúir ar Naoise agus a dheartháireacha, Clann Uisnigh, teacht ar ais go hÉirinn mar go raibh sé ag tabhairt mathúnais dóibh. Maraíodh na deartháireacha go fealltach chomh luath agus a shroich siad príomhchathair an rí, [[Eamhain Macha]]. Léim Deirdre as carbad an rí agus rinne smidiríní dá ceann in aghaidh carraige.
Is mó de shraith scéalta ann féin é [[An Táin]] nó Táin Bó Cuailgne, eachtra fada faoi ruaig a thug banríon Chonnachta [[Méabh]] ar Chuailgne chun tarbh a ghoid, agus an cogadh a lean é. Mar gheall ar gheasa a bhí ar laochra na Craoibhe Rua, ní raibh ar a gcumas troid in aghaidh a namhaide agus b'éigean don ógánach Cú Chulainn an fód a sheasamh.
 
[[Rang:Béaloideas na hÉireann|Ruraiocht]]
 
[[en:Ulster Cycle]]