An difríocht idir athruithe ar: "Seacht gCnoc na Róimhe"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 2:
Is gnách "cathair na seacht gcnoc" a thabhairt ar an [[An Róimh|Róimh]], agus is iad '''Seacht gCnoc na Róimhe''' an seacht gcnoc atá suite taobh istigh de bhallaí na seanchathrach a théann siar go laethanta na [[Impireacht na Róimhe|hImpireachta]]:
 
* '''[[Cnoc Aventinus]]''' ([[Béarla]]: ''Aventine'', [[Iodáilis]]: ''Aventino''). Fuair an cnoc seo a ainm ó Aventinus, rí Alba Longa de réir an stairsheanchais. Cathair ab ea Alba Longa, agus ba iad muintir Alba Longa a chuir bun le conradh cosanta na gcathrach Laidneach in aghaidh na nÉatrúscach,
 
* '''[[Cnoc Caelius]]''' (Béarla: ''Caelian'', Iodáilis: ''Celio''). Deir Titus Livius go bhfuair an cnoc seo a ainm ó Caelius Vibenna, fear uasal Éatrúscach agus comhghuaillí de chuid Romulus.
 
* '''[[Cnoc Capitolinus]]''' (Béarla: ''Capitoline'', Iodáilis: ''Campidoglio'' nó, i stíl ath-Laidinithe, ''Capitolino''). Ba é an cnoc seo seandaingean na Róimhe.
 
* '''[[Cnoc Esquilinus]]''' (Béarla: ''Esquiline'', Iodáilis: ''Esquilino''). Is féidir gur tháinig ainm an chnoic ó ''exquilini'', "easchathróirí", "muintir an bhruachbhaile", toisc nár dhearc muintir na Róimhe ar Esquilinus mar chuid de lár na cathrach i laethanta luathstaire na Róimhe. Níl ann ach ceann de na míniúcháin, áfach.
 
* '''[[Cnoc Palatinus]]''' (Béarla: ''Palatine'', Iodáilis: ''Palatino''; d'úsáidtí an leagan ''Palatium'' sa Laidin chomh maith le ''Palatinus''). As an logainm seo a fuarthas an focal "pálás" sa Ghaeilge agus sna teangacha eile.
 
* '''[[Cnoc Quirinalis]]''' (Béarla: ''Quirinal'', Iodáilis: ''Quirinale''). Tá baint ag an logainm seo le ''quirites'', a chiallaíonn "Rómhánaigh" sa chiall "cathróirí, saoránaigh" - tá blas na míleatachta agus na cogaíochta ar ''romani'' sa Laidin.
 
* '''[[Cnoc Viminalis]]''' (Béarla: ''Viminal'', Iodáilis: ''Viminale'')
 
Deir an seanchas gurbh é [[Romulus]] a bhunaigh an Róimh ar Chnoc Palatinus.
 
Deirtear freisin go raibh bailte beaga ar fud na Seacht gCnoc ar dtús nach raibh mórán bainte acu le chéile agus nár ghnách dearcadh orthu mar chodanna de shlánaonad ní ba mhó ar a dtabharfaí "an Róimh". Thosaigh muintir na mbailte seo ag glacadh páirte i gcluichí reiligiúnacha in éineacht, agus in imeacht ama d'éirigh siad mór le chéile, agus mar sin chuaigh siad le chéile in aon phobal amháin. Dhraenáil siad na portaigh idir na cnoic agus rinne siad machairí margaidh, nó ''fora'' ("fóraim") díobh. Níos déanaí, sa 4ú haois RC, tógadh ballaí timpeall ar na Seacht gCnoc, is é sin, Ballaí Servius, a fuair a n-ainm ó [[Servius Tullius]], séú Rí na [[Sean-Róimh|Sean-Róimhe]].
 
[[Catagóir:An Róimh]]
[[Catagóir:An tSean-Róimh]]
[[Catagóir:Tíreolaíocht na Róimhe]]
[[Catagóir:Tíreolaíocht na hIodáile]]