An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
m glanadh
Líne 1:
{{glanadh}}
 
Tháinig tús le sibhialtacht sa [[An Ghréig|Ghréig]] thart ar 3000 R.Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an ré seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás [[Knossos]] mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R.Ch. Sa bhliain 1450 R.Ch. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.
[[Íomhá:Athens Acropolis.jpg|thumb|260px|Acrapail nó ''cathair ard'' na [[An Aithin|hAithne]]]]
Line 10 ⟶ 12:
* ''An Ré Rómhánach'', ó 146 R.Ch. go dtí 476 A.D.
 
Ag tús na [[Ré Ársa]], chum na Gréagaigh [[aibítir]] na Gréigise, a bhí bunaithe ar aibitír na bhFóinéiciach, ach gur chuir na Gréagaigh litreacha i gcóir gutaí isteach inti den chéad uair.
Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R.Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.
 
Line 31 ⟶ 33:
 
== Cúrsaí creidimh ==
Chreid na Gréagaigh go raibh a lán déithe is bandéithe ann. B'é tuairim na nGréagach go raibh smacht ag na déithe is bandéithe sin ar na ''Moires'' nó Cinniúintí a rialaigh saol an duine. Bhíodh cónaí ag an dáréag déithe is bandéithe seo ar Shliabh Oilimpeas, an sliabh is airde sa tír. Ba é [[Séas]] athair na ndéithe agus an dia ba chumhachtaí. Ba é deartháir Shéis, Poiséadón, dia na farraige agus ba é a mhac Apolló dia an cheoil. Ba í Héire bean Shéis agus bandia an phósta. Ba í Ataene bandia an eolais. Cosúil le scéal na polaitíochta de, bhíodh dearcadh éagsúil ag na Gréagaigh faoi thréithe na ndéithe.
 
Rinne na Gréagaigh iarracht na déithe a shásamh trí imeachtaí ar nós cluichí, drámaí amharclainne, mórshiúlta agus íobairtí a eagrú.
 
 
[[Catagóir:An tSean-Ghréig]]