An difríocht idir athruithe ar: "An Dothra"

Content deleted Content added
m nasc eile curtha leis an leathanach
Cuid faoi na tuilte curtha leis
Líne 22:
== Stair ==
Tráth dá raibh, sholáthraíodh an Dothra sruthanna uisce chun a lán muilleann a chur ar oibríocht, ach níl aon dóibh fós ag obair: Faoi lár na 14ú aoise, bhí muileann ag muintir de Meones, an teaghlach arna ainmníodh Ráth Maoinis astu, ar an abhainn.<ref>Ball, F. Elrington History of Dublin Alexander Thom and Co. 1903 Vol. 2 p.100</ref> Sa 16ú haois ba le muintir Talbot, sinsir na Talbots i Mount Talbot, roinnt mhaith de na tailte sa cheantar. San 17ú agus san 18ú aois bhí Muintir Domvile, arbh leis cuid mhaith de Theach Mhéalóg, i bhfeidhm ar rochtain ar an abhainn, a chuaigh trína eastáit, go héifeachtach. Faoin am sin bhí an Dothra ina príomhfhoinse uisce ólacháin do phobal Bhaile Átha Cliath, agus cuireadh i leith mhuintir Domvile gur thapaigh siad an deis an chumhacht a raibh acu ar rochtain ar an abhainn chun borradh a chur faoin gcumhacht polaitiúil a raibh acu sa chathair, agus iad ag bagairt go gcuirfidís cúrsa na habhann ar mhalairt slí, mura ghlactar lena n-éilimh.
 
'''Taoide tuile'''
 
Bíonn tuilte i gceantair in aice na habhann nuair a chuireann an sí thar bruach ó am go ham, toisc go bhfuil a cúrsa róghearr agus éadomhain chun an méid sin uisce a dhoirteann isteach inti óna cuid chraobh-aibhneacha tar éis báisteach trom a thitim, a thógáil. Is abhainn í an Dothra “a mbíonn ag cur thar bruach go minic agus a bhfuil sé amach uirthi gur abhainn ‘mhaidhmní í a mbíonn maidhm tuilte inti go minic nuair a bhíonn stoirm báistí.”
 
Maraíodh Arthur Usher i dtuile nuair a chuir an abhainn thar bruach i mhí an Mhárta 1628. Bhí sé ina Leaschléireach Ríchomhairle na hÉireann a raibh “tógtha sa sruth tuilte gan éinne in ann é a shábháil, cé go raibh roinnt mhaith daoine... bhí a chuid cairde ab ghiorra dó ar an dá bhruach”[6]
 
Tharla an dá tuilte sa Dothra roimh 1986 ar an 25 Lúnasa 1905 agus ar an 3 agus an 4 Lúnasa 1931. Chuaigh cúrsa [[Hairicín Charley|Hairicín Charley (Hurricane Charley)]] (a litrítear go minic mar “Charlie” in Éirinn) thar bráid ar dheisceart na tíre ar an 25 Lúnasa 1986. Laistigh de 24 uair, steall gearr ar 200 mm (beagnach 8 n-orlaí) báistí ar Shliabh Chipiúr, agus thit 100 mm i mBaile Átha Cliath ag an am céanna, rud a d’fhág go raibh tuilte timpeall na cathrach, in a lán áiteanna ar fad bhruacha na Dothra san áireamh, agus gur tharla go raibh a lán caillteanais agus deacrachtaí ag daoine dá bharr sin.[2]
 
Is fada a tugadh aird air an fhíric gur fíordheacair an rud é fadhb na tuilte a réiteach, de bharr an rímhéid uisce sin a théann sa sruth san abhainn le linn tréimhsí báistí troime.
 
== Tagairtí ==