An difríocht idir athruithe ar: "Uimhir adamhach"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 8:
Mar shampla, bhí an cuma ann go raibh an t-[[iaidín]] agus an [[teallúiriam]] san ord mícheart agus dá mbabhtálfaí iad, go mbeadh níos mó céille ag baint leis an ord ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de. Ba chiallmhaire an mhaise é, mar sin, na dúile a liostáil de réir a n-uimhreacha adamhacha. Bhí an chuma ar an scéal go raibh gaol ag an uimhir leis an mais adamhach, ach, mar a léiríodh sa neamhrialtacht thuasluaite, ba léir go gcaithfí airíonna eile a chur san áireamh.
 
Mhínigh an [[taighde]] a rinne [[Henry Mosley|Henry Gwynn Jeffreys Mosley]] sa [[1913]] na neamhrialtachtaí sa [[seicheamh]] ar deireadh. Léirigh Mosley an coibhneas docht idir [[díraonadh x-ghathach]] [[speictream]] na ndúl agus a n-áit cheart sa [[Tábla peiriadach|Tábla Peiriadach]]. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le [[lucht leictreach]] an nuicléis[[Núicléas adamhach|núicléis]], is é sin, lucht na b[[prótón]]. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.
 
Tá dlúthcheangal idir an uimhir adamhach agus an [[maisuimhir|mhaisuimhir]] (cé gur cheart iad a idirdhealú óna chéile). Is ionann maisuimhir an adaimh agus an líon núicléón ([[prótón|prótóin]] agus [[neodrón|neodróin]]) sa [[núicléas adamhach]]. Go minic, léirítear an mhaisuimhir i ndiaidh ainm na dúile, .i. [[Radacarbón|Carbon-14]] (in úsáid i n[[dátú radacarbóin]]).