An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fharó"

Content deleted Content added
Cealaíodh athrú 811819 le Leanseahy (plé)'Na hOileáin F(h)aró' a úsáidtear inniu.
Tyuiop (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:LocationFaroeIslands.png|deas|thumb|250px|Suíomh]]
Tá '''Oileáin Fharó''' ([[Faróis]]: ''Føroyar'') nó '''Na Scigirí''', suite in iarthuaisceart na [[An Eoraip|hEorpa]], idir [[an tAigéan Atlantach]] agus [[an Mhuir Ioruach]].
 
== Stair ==
Líne 7:
Thug gasra manach caoirigh, coirce agus an teanga Ghaeilge aneas leo sa [[6ú haois]], agus deirtear gur thug [[Naomh Breandán]] (484-578) cúpla cuairt ar na hoileáin idir na blianta 512 agus 530. Tháinig [[Lochlannaigh]] in ionad na n[[Gael]] timpeall 650 - daoine ó Shealtainn, ó Inse Oirc, agus ó Inse Gall. Thugtaí ''Na Scigirí'' ar Oileáin Fharó, ainm a thagann ó ''Skeggjar'', agus a bhfuil baint aige, b'fhéidir, le ''Eyja-Skeggjar'' (féasóga oileánacha), leasainm a thugtaí ar mhuintir na n-[[oileán]].
 
De réir mar a deir [[Færeyinga Saga]], chuir [[An Iorua|Ioruaigh]] fúthu ar na hoileáin timpeall dheireadh an [[9ú haois]] agus iad ag teitheadh ó mhursantacht [[Harald I na hIorua]]. Go luath sa 11ú haois d'éalaigh Sigmundur Brestirson chun na hIorua ó na hoileáin theas, áit ar dhíothaigh naimhde aduaidh formhór a mhuintire; cuireadh ar ais é chun na hoileáin a ghabháil ar son [[Olaf Tryggvason]] (Olaf I na hIorua). Thug sé an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] anall leis, agus cé gur maraíodh é d'fhan an Iorua i réim ann. Sin mar a bhí an scéal go dtí na bhliain 1380, nuair a nascadh an Iorua agus [[an Danmhairg]] le chéile, rud a d'fhág na hoileáin faoi smacht na Danmhairge i ndeireadh na dála. Sa bhliain 1538 tháinig an [[Protastúnachas]] i dtreis sna hoileáin.
 
Scaradh an Iorua agus an Danmhairg óna chéile sa bhliain 1814 de bharr Chonradh Kiel, ach ba leis an Danmhairg na hoileáin fós. Cealaíodh an mhonaplacht trádála sna hoileáin sa bhliain 1856, rud a chuir ar chumas na bhFaróch brabach a bhaint as cabhlach iascaireachta dá gcuid féin. Tháinig an [[náisiúnachas]] chun cinn ón mbliain 1888, rud a bhain le saothrú na teanga ar dtús agus, tar éis na bliana 1906, le cúrsaí [[polaitíocht]]a, ós sa tréimhse sin a bunaíodh [[Páirtí polaitíochta|páirtithe polaitiúla]].