An difríocht idir athruithe ar: "Hollywood (Los Angeles)"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{Úsáidíeile||Hollywood (idirdhealú)}}
Ceantar i g[[cathair]] [[Los Angeles]], [[California]] é '''Hollywood''' a bhfuil cáil air ar fud [[an domhan|an domhain]] mar lárionad [[scannán]]aíochta. Is minic a thugtar Hollywood ar [[Tionscal|thionsclaíocht]] scannánaíochta na [[Stát Aontaithe]] go léir, mar mheatonaim. Tá Hollywood suite siar nó siar ó thuaidh ó lárchathair Los Angeles.
 
[[Íomhá:Hollywood_sign.jpg|thumb|240px|An comhartha ''Hollywood'']]
Líne 15:
D'oscail Whitley Óstán Hollywood sa bhliain 1902. Corpraíodh bardasacht Hollywood sa chéad bhliain eile. Bhí deacrachtaí ag an mbardas soláthar [[uisce]] agus draenáil séarachais a chinntiú don bhardasacht, agus sa bhliain 1910, chinn lucht an bhardais ar bhardasacht neamhspleách Hollywood a chur ar ceal agus ceantar de chuid Los Angeles a dhéanamh den áit, le súil is go socródh sin na fadhbanna uisce.
 
Faoin am seo, tháinig lucht na scannánaíochta go Hollywood an chéad uair. Bhí tionsclaíocht na scannánaíochta ag forbairt i gCalifornia cheana féin, agus í lonnaithe i lárchathair Los Angeles. Ba é an [[stiúrthóir scannáin|stiúrthóir]] D. W. Griffith (a rinne an mórscannán ciníoch ''The Birth of a Nation'' chomh maith leis an mórscannán frithchiníochais ''Intolerance'') ba túisce a thosaigh ag scannánú i Hollywood, ach níor bunaíodh an chéad stiúideo i Hollywood ach sa bhliain 1911.

Trí bliana ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad phríomhscannán de dhéantús Hollywood - ''The Squaw Man''. Stiúideo áitiúil a rinne an léiriú, agus tógadh na pictiúir i Hollywood féin. Ba iad Cecil B. DeMille agus Oscar Apfel na stiúrthóirí.
 
{{commonscat}}