An difríocht idir athruithe ar: "John Cage"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:John Cage (1988).jpg|mion|John Cage sa bhliain 1988]]
[[Cumadóireacht|Cumadóir]] [[Ceol|ceoil]] "avant garde" ab ea '''John Milton Cage''' (a rugadh i [[Los Angeles]], [[California]]; [[5 Meán Fómhair]] [[1912]] – [[12 Lúnasa]] [[1992]]). Bhain Cage feidhm as [[leictreonaic]] agus an [[pianó ullmhaithe]] (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa [[Uirlis cheoil|ghléas]]).
 
Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a [[Fuaim|fhuaim]]<nowiki/>neoidh an ceol roimh ré<ref>Ceol don Ardteist, COGG</ref>. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.
 
Rinne Cage tástálacha le tost (creid nó ná creid), inar bhain úsáid as [[dísle]] chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú.
 
== Ceol Éireannach ==
{{Fréamh an Eolais}}
Sa bhliain 1979, léirigh Cage scór dár teideal “Roaratorio, an Irish Circus on Finnegan’s Wake”. Léigh Cage sliochtanna ó [[Finnegans Wake]] de chuid [[James Joyce]] le tionlacan ceoil ó cheoltóirí traidisiúnta, ina measc [[Séamus Ennis|Seamus Ennis]], Paddy Glackin, Joe Heany agus Mel Mercier<ref>BBC <nowiki>http://www.bbc.co.uk/programmes/p0108t6w</nowiki></ref>.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}