An difríocht idir athruithe ar: "The Irish Times"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 17:
|suíomh = http://www.irishtimes.com/
}}
[[Nuachtán]] [[Mórbhileog|mórbhileoige]] [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] is ea '''''The Irish Times''''' (is annamh go mbaintear úsáid as leagan [[Gaeilge]] den teideal: '''''Tráthscéal Éireann''''') a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. [[Kevin O'Sullivan]] an t-eagarthóir reatha - tháinig sé i gcomharbas ar [[Geraldine Kennedy]] a roghnaíodh tar éis [[Conor Brady]] sa bhliain [[2002]].
 
Meastar go ginearálta go mbuntar an nuachtán ar bhunús [[liobrálachas|liobrálach]] [[daonlathas sóisialach|daonlathach sóisialach]]; mar chomparáid, smaointear go bhfuil an [[Irish Independent]] ar an [[eite dheis]] ó thaobh na heacnamaíochta agus [[cosmhuintireachas|cosmhuintireachais]] de. Bhí ''The Irish Times'' ar son fheachtas [[Máire Mhic Róibín|Mháire Mhic Róibín]] chun a bheith [[Uachtarán na hÉireann]], agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí [[Colscaradh|colscartha]], [[Frithghiniúint|frithghiniúna]] agus [[Ginmhilleadh|ginmhillte]].