An difríocht idir athruithe ar: "Rialtas na hÉireann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Stamp-Irl 1922 5shilling rialtas overprint.jpg|mion|333x333px|5 scilling, 1922]]
De réir [[Bunreacht na hÉireann]], is gá le níos mó ná 7 mball agus gan níos mó ná 15 ball a bheith i '''Rialtas na hÉireann'''. Is grúpa [[Aire Rialtas|Airí]] sinsearacha é an [[Rialtas]] atá freagrach as cumhacht fheidhmeannach an Stáit. Cialaíonn sé seo go gcaithfidh an Rialtas [[dlí|dlíthe]] na tíre a chur i bhfeidhm. Déanann an Rialtas cinneadh maidir le polasaithe agus bíonn freagrachtaí tábhachtacha eile orthu freisin. Tagann an Rialtas le chéile agus feidhmíonn sé mar údarás aontaithe agus tá chomhfhreagracht ar na baill i dtaobh ranna uilig an Stáit. Úsáidtear an téarma "[[Comh-aireacht]]" nó "[[Coiste Gnóthaí]]" anois agus aríst nuair a bhíonn an Rialtas i gceist. Is faoi rún a dhéantar plé ar ábhair ag cruinnithe den chomh-aireacht. Bíonn an Rialtas aontaithe ar pholasaithe agus ní mór do na hairí ar fad tacaíocht phoiblí a thabhairt do na polasaithe agus na cinnithe móra atá ag an Rialtas.
[[Íomhá:Coat of arms of Ireland.svg|clé|mion|258x258px|armas, an [[Uachtarán na hÉireann|Uachtarán]]]]
 
Tá an [[Taoiseach]] i gceannas an Rialtais. Is é an té a fhaigheann tacaíocht ó thromlach na mball sa [[Dáil Éireann|Dáil]] an Taoiseach. Cuireann an Dáil a hainm nó a ainm ar aghaidh agus glacann an [[Uachtarán na hÉireann|tUachtarán]] go foirmiúil leis an ainmiú. Ainmníonn an Taoiseach, ansin, baill eile den Rialtas agus tugann [[Ranna Stáit na hÉireann|Roinn Stáit]] dóibh. Faigheann siad seo tacaíocht na Dála agus glacann an tUachtarán leis an gceapáchán.Tá sé de chumhacht ag an Taoiseach airí a chur as a bpost má bhíonn cúis mhaith aige/aici. Má tá níos mó ná [[páirtí polaitiúil]] amháin sa Rialtas tugtar [[Comhrialtas]] ar an gcineál seo Rialtais. Roinneann na páirtithe na postanna sa Rialtas - de ghnáth tugtar post an [[Tánaiste]] do cheannaire an dara pháirtí is mó sa chomhrialtas. Ní mór do bhaill an Rialtais a bheith ina mbaill de Dáil Éireann nó ina mbaill de [[Sheanad Éireann]]. Ní féidir níos mó na beirt bhall de Sheanad Éireann a bheith ina mbaill den Rialtas. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais a bheith ina mbaill de Dháil Éireann.