An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 13:
Is stáisiún [[teilifís]]e [[Éire]]annach é '''TG4''' atá dírithe ar chainteoirí [[Gaeilge]] in Éirinn agus ar fud an domhain ar an [[Idirlíon]]. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar [[Oíche Shamhna]] [[1996]] mar '''Teilifís na Gaeilge''', nó "''TnaG''", ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain [[1999]]. Bhí TG4 faoi stiúir [[RTÉ]] go dtí gur athraíodh é go corparáid neamhspleách phoiblí ar an gcéad lá d'Aibreán [[2007]], tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd sa bhliain 2001.
 
Tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar [[Peil Ghaelach na mBan]]. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'[[Aontas Craolacháin na hEorpa]].
 
== Stáisiúin ==
Líne 21:
== Modh oibre ==
[[ Íomhá: Ceol_na_nOilean_2_www.TG4.ie.jpg |thumb|border|left| Samhaltán Ceol na nOileán ó [[2009]] ]]
Is iad na cláir Gaeilge atá ag croí TG4, agus craoltar sé uair den ábhar seo gach lá - mar shampla nuacht, spórt, ceol, cláir faisnéise agus rudaí eile. Chomh maith leis sin, taispeántar athchraoltaí de chláir éagsúla agus ansin cláir cháiliúla eile i mBéarla, cosúil le [[The O.C.]], [[Nip/Tuck]] agus cláir [[Stáit Aontaithe|Mheiriceánacha]] eile.
 
Ag feidhmiú mar fhoilsitheoir agus mar chraoltóir, caitheann TG4 €20 milliún gach bliain i gcomhair cláir Gaeilge nua ó chomhlachtaí Éireannacha. Tá an sobal dráma [[Ros na Rún]] ar cheann de na cláir is rathúla, agus déanann siad cláir faisnéise chomh maith.
Líne 99:
 
[[ Íomhá: Gradam_logo_41572_140606255034_4415_n-www.TG4.ie-.jpg |thumb|border|left| Samhaltán "Gradam Ceoil TG4", i [[2011]] ]]
Sa bhliain [[1999]], athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoi údarás TeleGael, cumann eile faoi stiúir ag RTÉ. Ó shin i leith, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh mar a thagair siad. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláracha dírithe ar daoine fásta, ag seoladh [[Séideán Staire]] agus [[Ardán]].
 
Chomh maith le sin, tá TG4 i ndiaidh cur lena chuid craoltóireachta agus raon dá chláracha a leathnú. Mar shampla, cuireadh an tsraith taisteal [[Amú]], le [[Hector Ó hEochagáin]] i láthair. Rinne an clár seo réalta mór de Ó hEochagáin agus d'éirigh le TG4 a lucht féachana a leathnú maille leis sin. Anois, is cosúil go bhfuil TG4 ina lánrith, le príomhchláir den chéad scoth agus ainmneacha iomráiteacha ag baint leis an staisiún.
 
Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha ''Nip/Tuck'', ''Carnivàle'', ''Gossip Girl'', ''[[The Wire]]'', ''America's Next Top Model'', ''The O.C.'', ''One Tree Hill'', ''Lipstick Jungle'', ''Everwood'', ''Survivor'', ''Invasion'' agus ''Curb Your Enthusiasm'' sula raibh siad le feiceáil sa [[Ríocht Aontaithe]] agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige [[Wimbledon]] agus an rás [[Tour de France]] beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí [[peil Ghaelach]] agus [[iomáint|iománaíocht]], mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachaí seo, toisc go bhfuil léantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.
[[Íomhá:TG4.jpg|mion|Lógó 2011]]
 
Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte ''Ardán'' agus an clár faiseain ''[[Paisean Faisean]]'' ar an bhfód. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den chlár ''[[Aifric]]'', clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnothaí céanna sa treis aige, tá an clár nua ''Seacht'' a leanann na saolta seachtar mac léinn i m[[Béal Feirste]]. Ar an [[24 Meán Fómhair]] 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana ''[[South Park]]'' as Gaeilge. Ní taise do ''Sesame Street'' é, a chraoltar faoin ainm ''Tar ag Spraoi Sesame''.
 
Líne 201:
 
== Aitheantas agus duaiseanna ==
[[Íomhá:Tg4logo.png|clé|mion|2011]]
 
Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua<ref>[http://www.tg4.ie/ie/corporate/news-releases/2011/120411.html Nuacht Ráitis » 2011 » 12.04 - Aitheantas Eorpach do shaothar TG4]. Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. </ref>. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.