An difríocht idir athruithe ar: "An Mhalaeis"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 2:
 
''Bahasa Malaysia'' a thugtar ar an gcineál Malaeise a shaothraítear sa Mhalaeisia féin mar [[Teanga oifigiúil|theanga náisiúnta]]. Má táthar ag trácht ar an Malaeis sa chiall fhairsing, is fearr ''Bahasa Melayu'' a thabhairt uirthi. ''Bahasa Indonesia'' a thugtar ar [[an Indinéisis]]. "Teanga" is ciall leis an bhfocal sin ''bahasa'', agus is focal iasachta ón t[[An tSanscrait|Sanscrait]] é.
 
Tá Malaeis chaighdeánach na Malaeisia bunaithe ar chanúint Johore agus Riau, agus is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear sa scríbhneoireacht, cé go bhfuil traidisiún úsáidte na litreach Arabach beo sa tír i gcónaí. Tá an Indinéisis ag dul i bhfeidhm ar an Malaeis ar na saolta seo, toisc go bhfuil tionsclaíocht láidir phopchultúrtha (sobalscéalta teilifíse agus araile) ag an Indinéis.
 
Is í an difríocht is suntasaí idir an dá theanga ná tionchar na hOllainnise ar an Indinéisis. Na críocha arb iad an Mhalaeis iad, bhí siad á rialú ag na Sasanaigh i ré an choilíneachais, rud a chiallaíonn gur fhág an Béarla an-lorg ar an Malaeis san am sin féin. San am chéanna ba i an Ollainnis a bhí oifigiúil san India Thoir Dhúitseach.
 
{{síol}}