An difríocht idir athruithe ar: "Cath na Boilsce"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Is é an t-ainm a bhí ag na Gearmánaigh ar an oibríocht mhíleata seo ná '''''Unternehmen Wacht am Rhein''''', a thagraíonn don amhrán cogaidh úd "Wacht am Rhein" ("Aire chois na Réine"). Na Comhghuaillithe arís, thug siad '''''Frithionsaí na nArdennes''''' uirthi ('''''Ardennes Counteroffensive''''' as Béarla), ach is é '''Cath na Boilsce''' nó ''Battle of the Bulge'' is mó a thugtar uirthi i dtiortha an Bhéarla inniu. Ba iad na hiriseoirí a bhaist an t-ainm seo ar na cathanna, ó d'aithin siad na trúpaí Gearmánacha mar "bhoilsc" ar an mapa.
 
Is éard a bhí Hitler ag iarraidh a dhéanamh ná na Comhghuaillithe a stopadh ó úsáid an phoirt a bhaint as Antuairp agus ceithre arm de chuid na gComhghuaillithe a scaradh ó chéile le bua a bhreith orthu. Ina dhiaidh sin, - a shíl Hitler, - bheadh cumhachtaí an Iarthair sásta conradh síochána ar leith a shocrú leis an nGearmáin, ionas go bhféadfadh an deachtóir a raibh fágtha dá chuid saighdiúirí a dhíriú ar an bhFronta Thoir, leis na Sóivéadaigh a stopadh. D'éirigh leis na Gearmánaigh pleanáil an mhórionsaí a dhéanamh faoi dhianrún, agus má bhí na Comhghuaillithe ábalta teachtaireachtaí Gearmánacha a cheapadh a raibh baint acu leis an ionsaí seo, ní raibh siad in ann an chiall cheart a bhaint as an eolas a d'aithin siad. Mar sin, ní raibh na Comhghuaillithe ullamh ar aon nós na trúpaí Gearmánacha a stopadh a tháinig chun solais ar an 16ú lá de Mhí na Nollag 1944. Rud eile fós bhí na Comhghuaillithe chomh sáite ina gcuid pleananna ionsaí is go ndearna siad dearmad den chosaint, agus níor bhain siad a ndóthain úsáide as na heitleáin faisnéise ach an oiread. D'fhág an drochaimsir na heitleáin ar talamh, rud a chabhraigh leis na Gearmánaigh.
 
{{síol}}