An difríocht idir athruithe ar: "Truman Capote"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11:
}}
 
Ba scríbhneoir [[SAM|Meiriceánach]] é '''Truman Capote''' ([[30 Meán Fómhair]], [[1924]] – [[25 Lúnasa]] [[1984]]). Scríobh sé scéalta, úrscéalta, drámaí agus ábhar neamhfhicseanach. Tá meas mór ar roinnt acu, go háirithe an [[nóibhille]] ''[[Breakfast at Tiffany's]]'' ([[1958]]) agus ''[[In Cold Blood]]'' (1965), "úrscéal neamhfhicsin" mar a thug an scríbhneoir air.
 
Bunaíodh timpeall fiche scannán agus dráma teilifíse ar scéalta le Capote.
Líne 17:
== A Shaol ==
 
Rugadh '''Truman Streckfus Persons''' i [[New Orleans]] ar an 30 Meán Fómhair 1924, agus ba iad a thuismitheoirí Archulus Persons agus cailín seacht mbliana déag darbh ainm Lillie Mae Faulk. Ní raibh sé ach ceithre bliana d'aois nuair a fuair an lánúin colscaradh, agus ansin tugadh go [[Monroeville, Alabama|Monroeville]] i stát [[Alabama]] é, áit ar thóg muintir a mháthar é. Ba ansin a chuir Truman aithne ar chailín darbh ainm Nelle [[Harper Lee]]. Bhí siad ina ndlúthchairde go lá a bháis, agus chabhraigh Harper le Truman an leabhar cáiliúil ''In Cold Blood'' a scríobh.
 
Sa bhliain 1933 d'aistrigh Truman go [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], áit a raibh cónaí ar a mháthair agus ar a fear céile nua. B'as Cúba do Joseph Capote, agus é sásta glacadh le Truman mar mhac agus a shloinne féin a bhronnadh ar an mbuachaill. Mar sin a rinneadh Truman García Capote de Truman Streckfus Persons.
[[Íomhá:Truman Capote 1924 1.jpg|clé|mion|Truman Capote 1948]]
 
Thosaigh Truman ag scríobh scéalta nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois. Mar a dúirt sé féin, bhí sé ag traenáil scríbhneoireachta mar a bhíonn páistí eile ag traenáil veidhlíneadóireachta nó pianódóireachta, nó gach lá i ndiaidh na gceachtanna scoile chaitheadh sé trí huaire an chloig ag scríbhneoireacht. Bhí sé dúghafa leis an scríbhneoireacht san am, dar leis féin. Sa bhliain 1935 chuaigh sé ar Scoil na Tríonóide (Trinity School), scoil ullmhúcháin i Nua-Eabhrac, agus ina dhiaidh sin bhí sé ag freastal ar Acadamh Míleata Iósaf (St Joseph Military Academy). Sa bhliain 1939 d'aistrigh muintir Capote go Greenwich i stát Connecticut, agus chuaigh Truman ar an ardscoil áitiúil. Mar ba dual don ábhar scríbhneora, bhí sé ag cumadh ábhair do ''Green Witch'', iris liteartha na scoile, chomh maith le nuachtán na scoile. Tháinig an teaghlach ar ais go Nua-Eabhrac sa bhliain 1942, agus chuaigh Truman ar Scoil Franklin (Franklin School), ar a dtugtar Dwight School nó Scoil Dwight inniu. Scoil phríobháideach in Uachtar an Taoibh Thiar nó Upper West Side a bhí ann. Bhain Truman amach a ardteastas ón scoil seo sa bhliain 1943, agus sin a raibh d'oideachas scoile aige.
 
Bhí Truman fós ina dhalta scoile i Scoil Franklin nuair a thosaigh sé ag timireacht oibre don iris ''The New Yorker''. Go bunúsach, ní raibh i gceist ach a bheith ag sórtáil cartún agus ag déanamh gearrthóga nuachta, mar a dúirt Truman ní ba déanaí. Chaith sé dhá bhliain ansin, ach nuair a tharraing sé fearg an fhile [[Robert Frost]] air féin, tugadh an sac dó.
[[Íomhá:Truman Capote by Jack Mitchell.jpg|mion|Truman Capote (Jack Mitchell), 1980]]
 
Is é an bharúil a bhí ag Truman Capote ar an seal oibre seo ní ba déanaí nach raibh mórán ann mar jab, ach mar sin, bhí se buíoch beannachtach go raibh obair de chineál éigin aige san am, ó bhí sé meáite gan tuilleadh ama a chur amú in aon seomra ranga: ba é a dhianbharúil gur cinniúint don scríbhneoir a pheann agus nach féidir le haon ollamh coláiste scríbhneoireacht a theagasc don duine nach dual dó an cheird sin, ná dúchas na scríbhneoireachta a bhaint den duine a bhfuil sé ann.
 
I ndiaidh dó an jab a chailleadh shocraigh sé síos i dteach lucht a ghaoil in Alabama áit ar chrom sé ar a chéad úrscéal, is é sin, ''Summer Crossing''.
 
Bhí Truman Capote mór le [[Harper Lee|Harper Lee,]] a chomharsa i Monroeville, Alabama, agus mhair an cairdeas go lá a bháis-sean. Bhunaigh Truman carachtar Idabel sa leabhar ''Other Voices, Other Rooms'' ar Lee, agus ba eisean a thug inspioráid do charachtar Dill Harris san úrscéal ''To Kill a Mockingbird'' a thabhaigh Duais Pulitzer do Lee. Ní ba déanaí, chuidigh Lee le Capote an t-eolas a bhailiú ó mhuintir na háite le haghaidh ''In Cold Blood'', an t-úrscéal [[Fíricsean|fíricsin]] faoi dhúnmharú mhuintir Clutter i Holcomb, Kansas, i Mí na Samhna 1959.
[[Íomhá:Truman Capote signature.svg|clé|mion|Síniú]]
 
{{síol}}