An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
m Ag cur le naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Distribution-myn.png|thumb|Léarscáil a thaispeánann dáileachán na Máigeach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha ina aice]]
Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha [[Meicsiceo|Mheicsiceá]] inniu, is é sin, [[Chiapas]], [[Tabasco]] agus stáit [[Leathinis Yúcatan]], mar atá, [[YúcatanYucatán]], [[Quintana RóoRoo]], agus [[Campeche]]. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i [[Meiriceá Theas]] ar éirigh léi [[teanga]] scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
 
== Sibhialtacht ==
Líne 7:
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa t[[An tSalvadóir|Salvadóir]], i [[Hondúras]] agus i n[[Guatamala]]- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.
 
[[Íomhá:Tulum sverzel.jpg|thumb|[[Tulum]] i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigeacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na ''Conquistadores'' go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.]]
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó [[2000 RC]] go [[250|250 AD]], agus ba iad na blianta ó [[250|250 AD]] go [[900|900 AD]] bláth Clasaiceach na Máigeach. San [[8ú haois|ochtú]] agus san [[9ú haois|naoú haois]], áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna [[éiceolaíocht]]a - b'fhéidir go raibh na Máigigh i ndiaidh an iomarca [[foraois]]e a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na [[An Spáinn|Spáinnigh]] ag forghabháil na hilchríche.
 
== Teanga ==
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga [[Yucatec]], agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.<ref>[http://www.inegi.gob.mx/est/contenidos/espanol/rutinas/ept.asp?t=mlen10&c=3337 Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005] INEGI</ref><ref name="Gordon, Raymond G. 2005">Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).</ref>
 
== Sna Meáin ==
 
Sa bhliain [[2006]] rinne [[Mel Gibson]] scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máigí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal ''[[Apocalypto]]''. Ba í an teanga ''Yucatec'' an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na n[[Na hAstacaigh|Astacach]], dar leo.
 
{{commonscat|Maya|Máigigh}}
Líne 21:
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
 
[[Catagóir:Meiriceá Thuaidh]]