An difríocht idir athruithe ar: "Jalisco"
Content deleted Content added
No edit summary |
Réaltaeolais (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Mexico map, MX-JAL.svg|deas|200px|thumb|Suíomh an stáit.]]
[[Íomhá:Barradenavidad.jpg|mion|Trá in Jalisco, baile beag iascaigh sa chúlra]]
Ceann de stáit [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] atá i '''Jalisco''', nó ''Saorstát Flaithiúnais Jalisco'' (Spáinnis: ''Estado Libre y Soberano de Jalisco''). Tá an stát seo suite ar chósta thiar Mheicsiceo, chois an [[Aigéan Chiúin|Aigéin Chiúin]], agus é ag críochantacht le
Fuair an stát a ainm ó na
Deirtear gurb as Jalisco a tháinig dhá ghné thábhachtacha de chultúr Mheicsiceo - an ''[[tequila]]'' agus an ''[[mariachi]]''. Is éard atá i gceist leis an ''tequila'' ná deoch láidir alcólach a dhriogtar as sú coipthe (''pulque'') an chineál [[agáibhe]] ghoirm (''Agave tequilana'') a bhíonn ag fás go flúirseach in ithir bholcánach Jalisco. Fuair an deoch a hainm ó chathair Tequila i Jalisco. Maidir le ''mariachi'', is éard atá i gceist leis ná banna ceoltóirí a sheinneann ceol bíoga bríomhar. Is féidir banna ''mariachi'' a fháil ar cíos le haghaidh fleánna agus féastaí, agus bíonn na ceoltóirí seo in ann amhráin a chanadh freisin. Is iad na hionstraimí is minice a bhíonn acu ná trumpaí, veidhlíní agus giotáir éagsúla. Is iad an ''guitarrón'' (cineál dordghiotáir) agus an ''vihuela'' (giotár ardairde a bhfuil cúig théad ann) a dhéanann ''mariachi'' den bhanna ceoil.
Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear. Níl teanga bhundúchasach ach ag 1 % de mhuintir an stáit. Is iad na teangacha is tábhachtaí acu seo ná an teanga ''Nahuatl'' - seanteanga na nAstacach arb í an teanga bhundúchasach is tábhachtaí i Meicsiceo inniu féin - an teanga ''[[Huichol]]'' - teanga a bhfuil lúb ghaoil aici leis an teanga ''Nahuatl'' - agus an teanga ''[[Purepecha]]'', nach bhfuil gaolta ar bith aici.
Daoine cáiliúla ó Jalisco iad an scríbhneoir [[Juan Rulfo]] agus an ceoltóir [[Pedro Dimas]] atá ag iarraidh stíl cheoltóireachta na b''Purepecha'' a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh. Rugadh Dimas féin i mbaile beag iargúlta nach raibh ach an teanga ''Purepecha'' le cloisteáil ansin, agus bhí an cheoltóireacht i ndúchas a mhuintire.
{{Stáit agus réigiúin na Meicsiceo}}
{{síol-tír-mx}}
[[Catagóir: Jalisco]]
[[Catagóir:Meicsiceo]]
|