An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"

Content deleted Content added
YiFeiBot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 51 langlinks, now provided by Wikidata on d:q315796
Líne 6:
== Cúlra an charachtair ==
 
Tagann coincheap an fhigiúir i mbréagriocht a thugann bronntanais do leanaí ó [[San Nioclás]], easpag cineálta ón 4ú Aois san [[an Áise Bheag|Áise Bheag]]. Ar dtús ba traidisiún [[An Ísiltír|Ollannach]] é San Nioclás a thugadh bronntanais ar [[6 Nollaig]], is é sin, lá féilefhéile Niocláis. I [[Meiriceá Thuaidh]], ghlac na coilínithe [[Sasanach]]a le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh [[Santa Claus]] de '''Sintaklaas'' na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar [[carr sleamhnáin|charr sleamhnáin]] atá á tharraingt ag [[réinfhia]]nna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta. Chuaigh an carachtar Meiriceánach go mór mór i bhfeidhm ar Dhaidí na Nollag mar a thuigtear san Eoraip é. Caitheann sé an bhliain go léir ag déanamh téisclime don Nollaig agus é ag déanamh bréagán ina cheárta agus ag coinneáil diansúile ar iompraíocht na bpáistí i rith na bliana. I gcultúir áirithe, tagann [[Knecht Ruprecht]], Zwarte Piet nó ''Peadar Dubh'' in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga sa cheárta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in [[Éirinn]] agus sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain]], agus na páistí ag teacht ag lorg bronntanas uaidh.
 
Ar [[Féile San Niocláis|Fhéile San Niocláis]] a thugtar na bronntanais san [[An Ísiltír|Ísiltír]] agus i gcuid den [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Ón taobh eile de, ba é an leanbh [[Íosa]] a bhíodh ag fágáil na mbronntanas in Éirinn sna laethanta a bhí, agus tá an nós seo beo i gcónaí i dtíortha áirithe eile, i gcuid den Ghearmáin mar shampla.