An difríocht idir athruithe ar: "Iontaise"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Ocenebra erinacea fossil 01.JPG|mion|Ocenebra erinacea ]]
Iarsma d'[[orgánach]] a bhí beo uair amháin atá iompaithe go cloch agus gafa go doimhin i sraith íochtarach carraigeacha. Cumtar iontaise nuair a imoibríonn [[Mianra|mianraí]] san uisce faoin talamh le creatlaigh [[planda]] nó [[ainmhí]], na mianraí seo ag glacadh páirte sa struchtúr in ionad dúl eile, ionas go gcruthaítear macasamhail den bhunphlanda nó an bunainmhí. De bhrí go bhfuil na sraitheanna íochtaracha carraigeacha níos seanda ná na sraitheanna uachtaracha, ní mór gur ó thréimhse gheolaíoch níos seanda aon [[speiceas]] a fhaightear i sraith íochtarach ná ceann a fhaightear i sraith uachtarach. Ó fhianaise seo na n-iontaisí, déanann na pailé-ointeolaithe staidéar ar [[éabhlóid]] na beatha ar [[An Domhan|Domhan]], ó na hiontaisí is ársa — na halgaí gormghlasa a mhair timpeall 3,500 milliún bliain ó shin — go dtí na speicis bheatha atá ar Domhan inniu.