An difríocht idir athruithe ar: "Goit"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Chernyakhov.PNG|right|250px|thumb|Léiríonn an ceantar sa dath uaine leathnú geografach traidisiúnta [[An Ghotlann|na Gotlainne]]. Léiríonn an ceantar sa dath dearg leathnú geografach '[[Cultúr Willenberg|Chultúr Willenberg]]' go dtí tús an 3ú haois, agus an ceantar sa dath flannbhuí an '[[Cultúr Tchernyakovna|Chultúr Tschernjachow]]', ag tús an 4ú haois agus an dath corcardhearg [[Impireacht na Róimhe]].]]
 
Ba threibh ilchineálach oir-[[Pobail Ghearmáineacha|Ghearmánach]] iad na '''Goit'''. Bhí ról tábhachtach ag dhá cheann dá ghéaga, na [[Viseagotaigh]] agus na h[[Ostrogotaigh]], le meath Impireacht na Róimhe san Iarthair agus dul chun cinn na h[[An Mheánaois|Eorpa Meánaoisí]]. Bhí na Goit i gceannas ar limistéar ollmhór,<ref name="EBOstrogoth">{{cite web |url= http://global.britannica.com/EBchecked/topic/434454/Ostrogoth |teideal= Ostrogoth |last1= |first1= |last2= |first2= |website= [[Encyclopædia Britannica Online]] |publisher= [[Encyclopædia Britannica, Inc.]] |accessdate= January 16, 2015}}</ref> a d'fhéadfadh a bheith nuair a bhí sé in ard a réime, faoi réim an [[ríogacht Ghearmánach|rí Ghearmánaigh]] [[Ermanarich]] agus a fho-rí [[Athanarich]], leathnaithe ón Danóib go dtí an [[An Don (abhainn)|Don]], agus ón [[an Mhuir Dhubh|Mhuir Dhubh]] go dtí [[an Mhuir Bhailt]],<ref>{{cite arbook|last1=Waldman|first1=Carl|last2=Mason|first2=Catherine|title=Encyclopedia aof bhuaic.European peoples|date=2006|publisher=Facts On File|location=New York|isbn=978-0816049646|page=575}}</ref>
ar a bhuaic.
 
Labhair na Goit an teanga Ghotach, ceann de na teangacha Oir-Ghearmáineacha atá imithe in éag, a labhraíodh sa [[an Chrimé|Chrimé]] sa 18ú haois ag Goit na Crimé; an dream Gotach is lú cumhachta, is lú aithne, agus aisteach go leor, an pobal Gotach is faide buan.
 
Tá an cultúr [[seandálaíocht]]a 'Willenberg' (nó ''Die Willenberg-Kultur'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]]), comhcheangailte le theacht na nGot, agus a fhormhéadú leis an phobal dúchasach ina dhiaidh sin. Ó lár an dara haois ar aghaidh, chuaigh fo-bhuíonta na nGot seo ar imirce i dtreo an oirdheiscirt taobh le chúrsa abhann na [[An Viostúile|Viostúile]], ag baint [[an Scitia]] amach ar chósta na [[an Mhuir Dhubh|Mara Duibhe]]. Tá iarsmaí seandálaíochta fágtha acu bainteach leis an 'Chultúr Tschernjachow' (nó ''Die Tschernjachow-Kulturan'' sa Ghearmáinis) i [[An Úcráin|Úcráin]] an lae inniu.
 
==Sanasaíocht==
[[File:Map Götaland Sweden.png|thumb| Götaland, i ndeisceart na [[an tSualainn|Sualainne]], le h-oileán Gotland san oirthear, bunús féideartha na nGot; Ní raibh na codanna is faide ó dheas agus is faide siar, [[Scania]], [[Halland]], [[Blekinge]] and [[Bohuslän]], mar chuid de Ghötaland ar dtús, ach Dani-Ioruais go dtí 1658.]]
 
 
Tugadh ''Gut-þiuda'' orthu sa teanga Ghotach, aistrithe go coitianta mar "Daoine Gótacha", ach dearbhaithe amháin mar tabharthach singil ''Gut-þiudai'',<ref name=lehmann>{{cite book|last1=Hewitt|first1=Winfred P. Lehmann ; with bibliography prepared under the direction of Helen-Jo J.|teideal=A Gothic etymological dictionary|date=1986|publisher=E.J. Brill|location=Leiden|isbn=978-9004081765|pages=163–164}}</ref> nó ''Gutans'' tugtha le tuiscint ón ghinideach iolra (?) ''gutani'', in inscríbhinn Pietroassa.<ref>{{cite book|last1=Braune|first1=W|last2=Heidermanns|first2=F|teideal=Gotische Grammatik|date=2004|publisher=Niemeyer|location=Tübingen}}</ref> Tugadh ''Gutar'' nó ''Gotar'' orthu sa [[An tSean-Ioruais|tSean-Ioruais]], sa [[An Laidin|Laidin]] mar ''Gothi''agus sa [[An tSean-Ghréigis|Ghréigis]] mar ''Γότθοι'', ''Gótthoi''.
 
Tá go leor ainmneacha tagtha do na Goit, b'fhéidir go pointe áirithe toisc go raibh go leor grúpaí eitneacha ar leith acu, ach freisin mar gheall go raibh i luathchuntais ar imirceacha Prótai-Ind-Eorpaigh agus níos déanaí ar imircí Gearmánacha sa [[Tréimhse Imirce]] i gcoitinne, ba ghnáth-chleachtas é tairbhe a bhaint as ainmneacha éagsúla chun tagairt a dhéanamh don ghrúpa céanna. Chreid na Goit (mar a chreideann an chuid is mó de scoláirí an lá inniu) <ref name="wolfram1990">{{cite book|last1=Dunlap|first1=Herwig Wolfram ; translated by Thomas J.|teideal=History of the Goths|date=1990|publisher=University of California Press|location=Berkeley|isbn=978-0520069831|pages=16–56, 209–210|edition=New and completely rev. from the 2nd German ed., 1st pbk. print.}}</ref> go dtagann na hainmneacha éagsúla go léir ón [[eitainm]] réamhstairiúil amháin a tharchuiríodh ar dtús go cultúr aonfhoirmeach a d'fhás agus a bhí faoi bhláth i lár na céad mílaoise RC, ie na céad-Goit.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
 
 
 
[[Catagóir:Goit|*]]