An difríocht idir athruithe ar: "William Rowan Hamilton"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 2:
Ba [[matamaiticeoir|mhatamaiticeoir]], [[fisic]]eor agus [[réalteolaí]] [[Éire]]annach é '''Sir William Rowan Hamilton''' ([[4 Lúnasa]], [[1805]] – [[2 Meán Fómhair]], [[1865]]). Rinne sé saothar i bh[[Fisic mhatamaiticiúil|fisic]] theoiriciúil maidir le h[[optaic]] is [[meicnic]], agus sa [[Matamaitic|mhatamaitic]]. Chuir Hamilton go mór le forbairt na h[[optaic]]e, na [[Dinimic|dinimice]] agus an [[ailgéabar|ailgéabair]]. Réamhinis sé [[athraonadh]] [[Solas|solais]] i g[[Criostal|criostail]], rud a dhearbhaigh [[Turgnamh|turgnaimh]] níos déanaí. Baintear feidhm as [[Graf|graif Hamilton]] sa mhatamaitic scoite nua-aoiseach, go hiondúil. Ceapadh ar an gcéad fho-bhall d'Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Mheiriceá i 1863, mar an eolaí beo ba mhó. Bhí sé ina cheannasaí i Réadlann Dhún Since ar feadh tamaill<ref>Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p334</ref>.
Is é fionnachtain an [[
[[Íomhá:William Rowan Hamilton painting.jpg|clé|mion]]
Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathaimíon<ref>Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p18</ref>. Baintear feidhm as matamaitic thacar veicteoirí a bhfuil uimhreacha sarnhailteacha iontu inniu i ngrafaicí tríthoiseacha i ríomhairí is córais stiúrtha spásárthach.
|