An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
Líne 7:
== Galar Dubh na bPrátaí ==
 
Galar nua a bhí i gceist le galar dubh na bprátaí, galar a tháinig chun solais an chéad uair sa bhliain [[1843]], ar chósta thoir na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]]. Rinne an galar a bhealach go géar gasta i dtreo Lár Iarthair na Stát Aontaithe. Sa bhliain 1845, arís, bhuail sé [[Flóndras]], Éire, Deisceart na [[An Fhrainc|Fraince]], Oirthear na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] agus Deisceart [[Críoch Lochlann|Chríoch Lochlann]]. Ba é ba chúis leis an tolgadh sciobtha seo ná go raibh tráchtáil na bprátaí ag dul chun [[Domhandú|domhandais]] san am seo féin: bhí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] ag dul ar lorg síolta nua prátaí i b[[Peiriú]], áit as ar tháinig an fungas ó thús, de réir dealraimh.
 
Cuireadh an chéad sonrú sa ghalar dubh in Éirinn i dtús Mheán Fómhair 1845, ach má cuireadh, níor éirigh na daoine buartha i gceart ach i lár na chéad mhíosa eile. Bhí [[Dúchan prátaí|dúchan na bprátaí]] luaite ag an ''Dublin Evening Post'' don chéad uair ar an [[9 Meán Fómhair]] [[1845]].
Líne 16:
 
== Ceist an Pholasaí Eacnamaíochta agus an Drochshaol ==
[[Íomhá:Sir robert peel cropped.jpg|mion|Sir Robert Peel]]
 
San am seo ba é [[Robert Peel|Sior Robert Peel]] a bhí ina [[Príomh-Aire|Phríomh-Aire]] ar an Ríocht Aontaithe. [[Coimeádachas|Coimeádach]] agus fear mór saorthrádála a bhí ann agus é ag iarraidh na dlíthe a chuir ar ceal a choisc iompórtáil an arbhair go dtí [[an Ríocht Aontaithe]]. Dlíthe [[Cosantachas|cosantachais]] a bhí ann, is é sin, dlíthe a bhí ceaptha leis na feirmeoirí dúchasacha a chosaint ar earraí saora ón gcoigríoch, ach ar ndóigh, iad siúd a bhí ag fabhrú na saorthrádála ar chúiseanna idé-eolaíochta, ar nós Robert Peel, bhí siad meáite le fada ar na dlíthe seo a aisghairm. Bhí an chuid ba mhó de na Coimeádaigh ag easaontú le Robert Peel faoi cheist na ndlíthe seo, áfach, agus é fágtha i muinín na bhFuigithe le haghaidh tacaíochta. Nuair a chualathas iomrá ar ghorta in Éirinn, shíl Peel go bhféadfadh sé buntáiste a ghlacadh ar an tubaiste seo le fáil réidh de na dlíthe cosanta faoi dheireadh.
 
Líne 32:
 
Nuair a thosaigh siad ag stiúgadh le hocras, bhí arbhar á easpórtáil as Éirinn i gcónaí. Bhí cuid mhór daoine an-mhíshásta leis seo, agus iad inbharúla go bhféadfaí an t-arbhar seo a roinnt ar lucht an ocrais. Bhí sé ní ba shaoire an coirce a easpórtáil agus arbhar Indiach a cheannach ó na Meiriceánaigh ná an coirce a choinneáil sa bhaile mar scamhard do na bochta. B'é oighear an scéil, áfach, nár thosaigh an t-arbhar iompórtáilte ag tonnadh isteach ó na Stáit ach le teacht an earraigh [[1847]], agus mar sin, fuair na sluaite móra bás idir an dá linn, i rith an fhómhair agus an gheimhridh.
[[Íomhá:Phytophthora infestans on potato 3.jpg|mion|Phytophthora infestans]]
 
Má rinne lucht roinnte na rilífe a ngearán faoi seo leis an Státchíste, ní bhfuair siad ach cur ó dhoras: fágaigí faoin tsaorthrádáil agus faoin saormhargadh an fhadhb a fhuascailt! Faoin am seo, bhí Peel éirithe as mar Phríomh-Aire cheana féin, agus rialtas nua curtha i dtoll le chéile as measc pholaiteoirí Pháirtí na bhFuigithe. Ba é [[John Russell, 1ú Iarla Russell|John Russell]] an Príomh-Aire, agus [[Charles Trevelyan]] i gceann an Státchíste. Saorthrádálaí dian a bhí ann, mar Trevelyan, agus é den tuairim nach dtarraingeodh sé ach tuilleadh trioblóide ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe go léir dá bhféachfadh an Rialtas lena ladar a chur in iomaíocht nádúrtha na bhfórsaí margaidh. Níor thuig sé, áfach, go raibh córas na heacnamaíochta féin chomh tearcfhorbartha in Iarthar na hÉireann agus nach bhféadfadh na daoine bia ar bith a cheannach – ní hamháin go raibh siad bocht, ach is ar éigean má bhí ciall ar bith acu don airgead, chomh hannamh is a d'fheicidís é mar rud.
 
Líne 46:
 
== Lá na dTithe Súip ==
[[Íomhá:Doolough.jpg|mion|Tragóid, An Dúloch, 30 Márta 1849]]
 
I dtús na bliana 1847, tháinig an tuiscint ag an lucht [[Rialtas|rialtais]] go gcaithfí, roimh aon rud eile, [[muintir na hÉireann]] a choinneáil beo. Mar sin, cinneadh ar bhia a sholáthar do na bochtáin as tithe súip. Bhí [[Cumann na gCarad]] – na Caecair – i mbun oibre den chineál seo cheana féin, agus iad ag áitiú ar an Rialtas an sampla a leanúint.
 
Líne 54:
 
== An Ghéarchéim ag Dul chun Donais ==
[[Íomhá:Skibbereen by James Mahony, 1847.JPG|mion|An Sciobairín, ag James Mahony, 1847]]
 
Chreid an Rialtas anois go raibh an gorta thart, rud nárbh fhíor dóibh ar aon nós. Nuair nach raibh súp ar fáil a thuilleadh, tharraing na sluaite síoraí ar thithe na mbocht. Bhí cuid mhór de na tithe seo róphlódaithe cheana féin le glacadh le tuilleadh daoine isteach, agus b'éigean rilíf a thál ar na bochtáin thar tairseach amach, cé go raibh cosc air.
 
Líne 62:
 
''Mhothaigh mé féin sean-Tomás Ó Gearbháin a rá go dtagadh daoine as áiteanna eile an bealach seo ag iarraidh bia. Dúirt sé gur tháinig bean amháin agus go raibh páiste beag léi. Ní raibh sí i bhfad san áit nó go bhfuair sí bás. Dúirt sí nach raibh sé ag déanamh aon smid bhréige go bhfaca sé an páiste ag diúl bhrollach a mháthar agus í fuar marbh.'' (''Glórtha ón Ghorta'', lch. 112.)
[[Íomhá:William Smith O'Brien.jpg|mion|[[William Smith O’Brien|William Smith O'Brien]]]]
 
Na feidhmeannaigh a raibh de dhualgas orthu Dlí na mBocht a chur i gcrích, d'aithin siad go raibh an tóin ag titim as córas na rilífe.D'áitigh siad go raibh tuilleadh airgid ag teastáil le freastal ar na fadhbanna go léir, agus d'éirigh leo an méid seo a chur abhaile ar Clarendon, a bhí ina [[Fear Ionaid an Rí in Éirinn|Fhear Ionaid]] ag an Rí in Éirinn san am. Chuaigh Clarendon i dteagmháil le Trevelyan chun tuilleadh maoiniú a mhealladh ón Státchiste. Ní bhfuair sé a dhóthain, áfach, cé go raibh sé suite siúráilte go rachadh na bochta chun ceannairce nó chun cearmansaíochta ar na húdaráis, mura bhfaigheadh sé an méid a bhí sé a iarraidh.
 
Líne 99:
 
Cuid mhór acu siúd a tháinig go dtí an tOileán Úr an bealach seo i ndiaidh bhliain an fhiabhrais, níor shocraigh siad síos i gCeanada féin. Go ginearálta, ba leasc leis na hÉireannaigh fanacht i gcoilíneacht de chuid [[Sasana|Shasana]]. Bhí na Stáit Aontaithe saor ó bhráca na nGall, agus na jabanna flúirseach ansin. Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, nach gcuirfeadh na sluaite móra Éireannaigh fúthu i gCeanada chomh maith.
[[Íomhá:Irish Famine Memorial, Washington St, Boston. - panoramio (3).jpg|mion|Cuimhneacháin, Washington St, Boston.]]
 
B'iad [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] agus [[Bostún, Massachusetts|Boston]] an dá cheann scríbe ba tábhachtaí sna Stáit. Sa bhliain 1847, tháinig 37,000 Éireannach go Boston, arbh ionann iad, san am, agus leath an daonra a bhí ann rompu.
 
Líne 109:
 
Sa bhliain 1845, bhí an teanga ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine in Éirinn, ach ó b'iad lucht labhartha na Gaeilge ba mhó a bhí thíos leis an ngorta agus leis an imirce araon, ní raibh ach duine as an mbeirt acu siúd fágtha sa tír sé bliana ina dhiaidh sin. Rud eile fós gur thréig cuid mhór acu siúd féin an Ghaeilge, ó bhí an chuma ar na cúrsaí anois nach bhféadfá maireachtáil ar aon nós gan an Ghaeilge a chur uait agus an Béarla a tharraingt chugat mar aon[[Teangacha Ceilteacha|teanga]] labhartha.
[[Íomhá:Famine memorial dublin.jpg|mion|288x288px|Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath]]
 
Roimh an Drochshaol, bhí an Ghaeilge beo ar chultúr bíogúil na gcainteoirí dúchais. Bocht is uile mar a bhí siad, bhí saol, sult is subhachas dá gcuid féin acu trí mheán na teanga sinsearaí. Mura raibh fáilte isteach i saol an Bhéarla rompu, bhí malairt sochaí ann agus í ag obair as Gaeilge. Chart an Drochshaol an tsochaí seo de dhroim an tsaoil, agus fágadh an cainteoir dúchais ina bhacach aonair i saol an Bhéarla gan na struchtúir shóisialta a bhí ag athneartú a chuid Gaeilge roimhe sin. Na daoine eile a raibh na struchtúir sin comhdhéanta astu, ar nós na ngaolta, na gcomharsan agus an lucht aitheantais, bhí siad imithe i gceithre hairde an domhain: mura bhfuair siad bás le hocras, thóg siad an bád bán go Meiriceá.
 
Má thráigh an teanga, chuaigh an cultúr i léig freisin. Cailleadh cuid mhór de na seanchleachtais Ghaelacha i gcúrsaí an reiligiúin. Roimh an nGorta Mór bhí sé coitianta féilte na naomh a cheiliúradh le fleánna móra a dtugtaí pátrúin orthu. I ndiaidh an Ghorta, áfach, ní raibh mórán daoine fágtha cibé le freastal ar na pátrúin, agus nuair a bhí gach duine ag streachailt leis ina aonar le maireachtáil go ceann an chéad lae eile, cailleadh an spiorad comhphobail a tharraingíodh na daoine i dtreo an phátrúin roimhe sin. Nuair a tháinig an creideamh Críostaí ar ais, níorbh é ”creideamh na meánaoise”, creideamh traidisiúnta na nGael, a bhí ann, ach ceartchreidmheachas Caitliceach na sagart. Bhí níos mó sagairt ann anois i gcoibhneas an daonra go léir, agus b'amhlaidh ba mhó a dtionchar ar mheon an phobail. An tsíorlíomhain a bhíodh ag Protastúnaigh Chúige Uladh ar shochaí na hÉireann, is é sin, gur sochaí shagartstiúrtha a bhí ann, is féidir a rá nach raibh an líomhain seo fíor ar aon nós roimh laethanta an Drochshaoil. Roimh an nGorta, bhí Gaeilge ag cuid mhór de mhuintir na tuaithe, agus iad i muinín a mbéaloidis chráifigh féin mar threoir dhiagachta.
[[Íomhá:Irish Potato Famine mural - panoramio.jpg|mion|333x333px|múrphictiúr, Béal Feirste]]
 
Níor éirigh le cumainn na dtionóntaí mórán cumhachta a bhaint amach i saol polaitiúil na tíre i ndiaidh an Ghorta. Choinnigh na tiarnaí talún a seanstádas, nó ní raibh a dhath fágtha den phobalóireacht, den chosmhuintireachas, a bhí chomh láidir sin i laethanta Dhónaill Uí Chonaill. Ón taobh eile de, an faltanas a d'fhág an Drochshaol ina dhiaidh, threisigh sé leis na gluaiseachtaí Náisiúnaíocha, ar nós na bhFíníní, sa bhaile agus i gcéin.