An difríocht idir athruithe ar: "Sergiusz Piasecki"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 9:
}}
 
[[Scríbhneoir]] [[An Pholainn|Polannach]] de phór na [[An Bhealarúisis|Bealarúise]] ab ea '''Sergiusz Piasecki''' (Bealarúisis: ''Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki'', a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]]) agus a fuair [[bás]] ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1964]] i [[Londain]].
 
Bhí sé ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorainne, agus é ag cur troda leis na [[An Pholainn|Polannaigh]] is na [[Rúisigh]] nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach [[Rúisis]] agus canúint [[Bealarúisis]]e nuair a bhí sé óg.
 
Bhí sé ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na [[1920idí|fichidí]], ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil [[Cócaon|cócaoin]] agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an [[Príosún|phríosúin]] é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim [[An Pholainnis|Polainnise]] agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách.
 
Thuill an chéad [[úrscéal]] foilsithe, ''Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy'' ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar [[Uachtarán]] na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.
[[Íomhá:Sergiusz Piasecki commemorative plaque.jpg|clé|mion|Cuimhneachán, Lachowiczach]]
I rith bhlianta an [[Cogadh|chogaidh]], bhí sé ag cuidiú le ''[[Armia Krajowa]]'' ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na [[Naitsithe]]. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na [[Cumannachas|Cumannaigh]] i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i [[Londain]]. Scríobh sé a lán [[Úrscéal|úrscéalta]] faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais.
 
Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - [[an Ghearmáin]] agus [[an tAontas Sóivéadach]] - i rith an chogaidh, mar atá, ''Człowiek przemieniony w wilka'' ("An Duine i gConriocht") agus ''Dla honoru Organizacji'' ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). FaraoirFaraor, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
I rith bhlianta an chogaidh, bhí sé ag cuidiú le ''[[Armia Krajowa]]'' ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na [[Naitsithe]]. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na [[Cumannachas|Cumannaigh]] i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais.
 
Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - [[an Ghearmáin]] agus [[an tAontas Sóivéadach]] - i rith an chogaidh, mar atá, ''Człowiek przemieniony w wilka'' ("An Duine i gConriocht") agus ''Dla honoru Organizacji'' ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraoir, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
[[Íomhá:Sergiusz Piacecki grave.jpg|thumb|Sergei Piasecki uaigh ag an Reilig i Hastings, An Ríocht Aontaithe]]
{{DEFAULTSORT:Piasecki, Sergiusz}}