14,330
edits
m (Cur ceangal amháin nua) |
|||
[[File:Flight_of_Earls_(1607).svg|thumb|350px|<center>Imeacht na nIarlaí {{nowrap|([[ShareMap:public/Flight of Earls (1607)|léarscáil]])}}]]
Tar éis [[Cath Chionn tSáile|Chath Chionn tSáile]] i [[1601]], chúlaigh taoisigh na n[[Gael]] go [[Cúige Uladh]], agus ghéilleadar do na Sasanaigh i [[1603]]. Tugtar '''Imeacht na nIarlaí''' ar an eachtra seo.
Ba iad [[Aodh Ó Néill]], iarla [[Contae Thír Eoghain|Thír Eoghain]], agus [[Aodh Rua Ó Domhnaill]] na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn [[Cogadh na Naoi mBliana|Chogadh na Naoi mBliana]].
Sa bhliain [[1607]], sheol triúr Taoiseach Gaelach, [[Aodh Ó Néill]], Ruairí Ó Domhnaill agus Cúchonnacht Mag Uidhir, amach as [[Ráth Maoláin|Cuan Suillí Móire]] chun na deoraíochta. D'imigh Ó Domhnaill chun [[An Spáinn|na Spáinne]] áit a bhfuair sé bás.
Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí ró-bhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte.
Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go [[Loch Suilí]] i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne.
Tugtar Imeacht na nIarlaí ar an eachtra sin. Chuaigh siad as sin chun [[An Róimh|na Róimhe]], áit a bhfuair Ó Néill bás i [[1616]]. Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go háirithe i dtíortha [[Caitliceachas|Chaitlicigh]] na h[[an Eoraip|Eorpa]], ar nós na [[an Fhrainc|Fraince]] agus na [[an Spáinn|Spáinne]].
== Naisc ==
* [http://www.flightoftheearls.ie/gaeilge/archivesg.html Suíomh gréasáin tiomanta do chomóradh ceithre chéad bliain Imeacht na nIarlaí, 1607-2007]
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{stumpa}}
|
edits