An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cover_of_An_Hobad,_Irish_translation_of_The_Hobbit.png|175px|thumb|Clúdach an leabhair ''An Hobad'' (2012)]]
[[Úrscéal]] eipiciúil [[fantaisíocht]]a is ea '''''An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís''''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''The Hobbit, or There and Back Again'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. Foilsíodh an leabhar ar dtús as Béarla sa bhliain 1937, agus is leabhar é a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí. Ainmníodh an leabhar do bhonn Carnagie agus bhí bua ag an scéal i ngradam an New York ''Herald Tribune'' sa rannóg Ficsean D’Ógánaigh <ref>http://www.smithsonianmag.com/smart-news/the-hobbit-you-grew-up-with-isnt-quite-the-same-as-the-original-published-75-years-ago-today-45448681/?no-ist</ref>. Is leabhar é a bhfuil éileamh mór air go fóill agus aithnítear mar shaothar clasaiceach de litríocht na bpáistí é, agus tá an leabhar aistrithe go 50 teanga <ref name="telegraph">http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/9555838/The-Hobbit-What-has-made-the-book-such-an-enduring-success.html</ref>.

Tá an leabhar suite san aois roimh eachtraí [[Tiarna na bhFáinní |Thiarna na bhFáinní]], agus is scéal eachtraíochta bunaithe ar thóraíocht Bhiolbó Baigín é, chun scair de shaibhris an Dragan Smóg a fháil. Cabhraíonn Biolbó le Gandalf Draoi agus Toirín an t-abhac, ceannaire dosaen abhac teifeach agus ról an ghadaí aige sa chomplacht.

Is iad téamaí lárnacha an leabhair ná éabhlóid agus fás pearsanta, teacht in aois, chomh maith le téamaí de shaint, laochas agus misneach de shaghsanna éagsúla.
 
== Achoimre an Phlota ==
 
Tosaíonn an leabhar le cuairt an draoi Gandalf ar Bhiolbó Baigín, hobad de chuid an Chnoic, agus tugtar cuireadh do Bhiolbó tabhairt faoi thoraíochtthóraíocht, ach diúltaíonn Biolbó, atá sona agus compordach lena shaol. An lá dar gcionn, tagann Tóirín agus a chompánaigh, dosaen abhac, ar cuairt chuig Biolbó agus iad ag ceapadh go bhféadfadh sé cabhrú leo ar a dtóraíocht chuig an Sliabh Uaigneach chun a saibhreas dúchasach a fháil ar ais ó Smóg an dragan.

Tuigeann Bhiolbó gurb é Gandalf atá taobh thiar den tóiraíochttóraíocht seo agus gur tugadh le fios chuig na habhaic go ndéanfadh Biolbó gadaí den scoth. Go drogallach agus mar thoradh comhairle Gandalf, téann Biolbó leo. Teann an grúpa amach sa domhan mór, ag taisteal trasna Críocha na Hobad i dtreo an tSléibhe Uaignigh. Bíonn Biolbó go síoraí ag machnamh ar an gcinneadh a rinne sé faoi dheifir, i ndiaidh léargas a fháil ar fhiántas an domhain. Sna Críocha Uaigneacha tagann said ar throill, a ghabhann na habhaic agus a chuireann i málaí iad, agus é i gceist acu iad a róstáil agus a ithe. Éiríonn le Biolbó agus Gandalf iad a shábháil agus faigheann saidsiad claimhte i bpoll na dtroll, i ndiaidh cuardaigh.
 
[[File:Over Hill - Bilbo and Gandalf by Joel Lee.jpg|thumb|Biolbó Baigín]]
 
Taistealaíonn siad ar aghaidh go Gleann na Scoilte, daingean na nEalbh, atá faoi cheannaireacht Elrond. Aistríonn Elrond na rúnscríbhínní atá ar na claímhte; má ghlactar le, is cinn sean-ealbha iad. Aistríonn sé léarscáil Thóirín freisin, ag léiriú tábhacht Lá Dhúirín, an chéad lá den athbhliain Abhaic, don tóraíocht seo. I ndiaidh coicíse, tosaíonn an taisteal arís, ach i gcaitheamh stoirme agus iad ag dul tríd na sléibhte ó thuaidh téann siad ar fhothain in uachais na bPúcaí, agus gabhtar iad. Ag úsáid Glamdring (ceann de na claímhte), maraíonn Gandalf rí na bPúcaí agus scaoileann sé saor na habhaic, ach cailleann Biolbó a mhothú. Nuair a dhúisíonn sé, tagann sé ar fháinne agus bualann sé le Golam, créatúr an dorchadais. Bíonn comórtas ceisteanna acu agus tagann tuiscint ar Gholam go bhfuil an fáinne, ‘a sstóirín’stóirín’, ag Biolbó. Cuireann Biolbó an fáinne air agus feiceann sé go bhfuil cumhacht draíochta aige mar go bhfuil sé dofheicthe. I ndiaidh éalú ó Gholam, tagann sé ar a chompánaigh arís. Ritheann siad ón sliabh chun bheith saor ó na púcaí agus cabhraíonn na hIolair, cairde Ghandalf, leo agus iad ionsaithe ag mic tíre na foraoise. Caitheann siad an oíche i dteach Béorn, cabhraíonn seisean leo agus ansin tá orthu dul isteach sa Mhodarchoill, foraois na nEalbh. Fágann Gandalf iad agus i ndiaidh dóibh troid a dhéanamh in aghaidh damháin alla na foraoise cuirtear na habhaic faoi ghlas, gabhlaithe ag an rí Ealbh ina halla. Baineann Biolbó úsáid as cumhacht an fháinne agus éiríonn leis na habhaic a scaoileadh saor tríd iad a chur i mbairillí fíona agus a chur isteach san abhainn.
 
[[File:Dale Erebor.jpg|thumb|Baile an Locha - ealaíon leantóra]]
Line 18 ⟶ 24:
[[File:Beowulf and the dragon.jpg|thumb|'Beowulf and the dragon', cumtha ag J.R Skelton]]
 
Téamaí lárnacha an leabhair ná fás agus teacht chun cinn Bhiolbó; is carachtar é ag tús an leabhair atá cúngaigeanta agus compordach leis an saol ciúin atá aige sa Chnoc, ach feictear ag deireadh an leabhar gur duine fásta é a bhfuil taithí aige ar an domhan. Luaitear téamaí Bildungsroman sa Hobad go rialta, sin le rá scéal fáis agus teacht in aois <ref>http://www.academia.edu/2611925/The_Hobbit</ref>. Luaitear freisin na cosúlachtaí (agus difríochtaí) idir An Hobad agus saothair mhiotaseolaíochta chlasaiceacha ar nós [[Béowulf]], ceann de na scéalta is sine as Béarla atá ar an bhfód <ref> http://www.councilofelrond.com/litarticle/modern-and-medieval-aspects-of-tolkiens-literature/</ref> agus ar scéal é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar Tolkien, ina bhfuil téama na crógachta mar chuid lárnach de (agus ach go háirithe ról dragan mar chréatúr cliste, agus cruálach, seachas meafarach) <ref>http://www.thefreelibrary.com/Dreaming+of+dragons%3A+Tolkien's+impact+on+Heaney's+Beowulf.-a0154698404</ref>. Téama láidir eile ná leithleas agus na foirmeacha éagsúla de <ref>{{cite book |url=http://books.google.com/books?id=b5cRgLOHCRUC&pg=PA217&dq=The+Hobbit+greed&hl=de&sa=X&ei=w_oJT9iHCMrIsga0p-WCDw&ved=0CEIQ6AEwAw#v=onepage&q=The%20Hobbit%20greed&f=false |title= Confronting Tyranny: Ancient Lessons for Global Politics |editor-first=Toivo |editor-last=Koivukoski |editor2-first=David |editor2-last=Tabachnick |pages=217–218 |year=Rowman & Littlefield |year=2005 |isbn=0-7425-4400-1 |chapter=The Folly of the Wise |first=Thomas |last=Smith}}</ref>: ina measc sin, Tóirín ag iarradh a shaibhris dúchasach a thógáil ar ais, grá d’ór an dragan Smóg agus an dúil don fháinne atá i ndiaidh Golam a scriosadh. Léiríonn gluaiseacht na n-arm ag deireadh an leabhair i ndiaidh bháis Smóg an leithleas de ghachgach ciníocha sa leabhar, an damáiste a dhéantar don chreatlach sóisialta <ref>http://hmhbooks.com/files/content/sites/hobbit/files/pdfs/Hobbit_educators_guide_downloadable.pdf</ref>, agus gur gá carachtair a bhfuil croí glan acu chun a leithéid a stopadh agus an leithleas a shárú.
 
== Cumadh ==
 
Thosaigh Tolkien ag obair ar an leabhar le linn na 1930idí, i ndiaidh breacadh síos an chéad line don leabhar ‘In a hole in the ground there lived a hobbit’, agus scrúduithe á gceartú aige. Críochnaíodh an scéal agus faoi 1932 roinn sé an lámhscríbhinn le cairde, C.S Lewis san áireamh. D’fhoilsigh George Allen & Unwin an leabhar i ndiaidh deá-léirmheas ó pháiste an fhoilsitheora <ref>{{cite book |title= Tolkien: A Biography |pages= 192 |publisher=Ballantine Books |year=1997 |isbn=0-04-928037-6 |first=Humphrey |last=Carpenter}}</ref>.
 
 
== Leagain Aistrithe ==
 
Is leabhar sár-léite é an Hobad, le breis is 100 milliúin cóip díolta agus aistrithe go breis is 50 teanga eile <ref name="telegraph" />. [[Nicholas Williams]] a chuir Gaeilge ar an leabhar; [[Alan Titley]] a bhí ina eagarthóir ar an leabhar. Chuir Evertype [http://www.evertype.com/books/hobad.html an chéad eagrán] ar fáil in 2012 (clúdach crua, ISBN 978-1-904808-90-9); tháinig an dara eagrán amach in 2013 (clúdach bog, ISBN 978-1-78201-033-3).
 
 
== Tagairtí ==