An difríocht idir athruithe ar: "An Rómainis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
[[Teangacha Rómánsacha|Teanga Rómánsach]], nó b'fhéidir dlúthghrúpa de theangacha comh-ghaolmhara, í an '''Rómainis''' ({{lang-rm|Rumantsch}}) agus í ina teanga oifigiúil san [[An Eilvéis|Eilvéis]].
 
Tá an Rómainis ó dhúchas ag níos mó ná 35,000 duine de réir na bhfigiúirí ón mbliain 2000. An chuid is mó de na cainteoirí dúchais tá cónaí orthu in [[Grischun]] ([[Gearmáinis]]: ''Graubünden'', [[Iodáilis]]: ''Grigioni'', [[Fraincis]]: ''GrissonsGrisons''), ceann de chantúin na hEilvéise. Iad siúd a labhraíonn Rómainis, bíonn siad dátheangach nó fiú trítheangach, agus an Iodáilis nó an Ghearmáinis ar aon leibhéal leis an teanga dhúchais acu chomh maith. Tá an Rómainis gaolmhar leis an [[Laidinis]], teanga Rómánsach a labhraítear i réigiún [[An Tioróil Theas|na Tioróile Theas]] san Iodáil. Mionteanga eile den ghrúpa chéanna í an Fhriúilis (an Fhurláinis), an teanga a bhí ó dhúchas ag Pier Paolo Pasolini agus í á saothrú aige ina chuid luathfhilíochta.
 
Tá an Rómainis mar a chleachtaítear san Eilvéis í roinnte ina canúintí éagsúla, agus bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad cén cineál Rómainise ba chóir a úsáid mar theanga chomhoifigiúil don Eilvéis ar fad. Sna hochtóidí tháinig an comhchaighdeán Rómainise, ''Rumantsch Grischun'', ar an bhfód, ach tá cuid mhaith de na cainteoirí dúchais míshásta leis an gcaighdeán seo i gcónaí. Mar sin, cloíonn siad go stobarnáilte leis na leaganacha canúnacha den teanga scríofa, go háirithe nuair a bhíonn cúrsaí áitiúla nó cantúin á bplé acu.
[[Íomhá:LinguaRumantsha.png|mion|clé|An Rómainis i gcantún Graubünden/Grischun/Grigioni sa bhliain 2000.]]
[[Íomhá:Romontsch_Sagogn.jpg|mion|clé|An Rómainis ar bhalla bhán i Sagogn /Surselva, Grischun.]]