An difríocht idir athruithe ar: "Twitter"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 13:
Is [[Láithreán Gréasáin|láithreán líonraithe shóisialta]] é '''Twitter''', a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar ''tvuíteanna'', ''giolcanna'' nó ''tweets'' as [[Béarla]]. Cruthaíodh Twitter ar an [[21 Márta]] [[2006]] nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i [[San Francisco]], [[California]].
 
Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, [[Ceoltóir|ceoltóirí]], [[Aisteoir|aisteoirí]] agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtarg[[Carachtar (ríomhaireacht)|carachtar]] in aon phostáil (nó "tvuít", "tweet"), déantar cur síos uaireanta air mar "[[Teanga SMS|SMS]] (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an [[Idirlíon|Idirlín]]".
 
== Stair ==
Líne 19:
 
Ar an [[14 Meán Fómhair]], [[2010]], d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach. D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 ''tweet'' gach lá tar éis na féile.
[[Íomhá:Twitter.svg|mion]]
 
== Foclaíocht ==
Bíonn daoine ag ''giolcaireacht'', ag ''giolcadh'' nó ag ''tvuíteáil'' ar an suíomh (ón bhfocal Béarla ''tweeting''). Chomh maith, tugtar ''tvuíteanna'' nó ''giolcanna'' ar na teachtaireachtaí aonracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla ''tweet(s)''.
[[Íomhá:Twitter nox.svg|clé|mion|144x144px]]
 
==An Ghaeilge ar Twitter ==
Line 28 ⟶ 30:
* [[18 Nollaig]] [[2006]]: Áine @aine “Níl sa saol ach gaoth agus toit”. Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge sa bhliain 2006.
* [[18 Feabhra]] [[2013]]: Chris Hadfield ‎@Cmdr_Hadfield “Tá Éire fíorálainn! Land of green hills and dark beer. With capital Dublin glowing in the Irish night”. Chuir an [[spásaire]] Chris Hadfield an Ghaeilge os comhair an domhain mhóir nuair a chuir sé giolc amach agus é ag taisteal ar an [[Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta]].
*[[Íomhá:Twitterbird.png|clé|mion|149x149px]][[Íomhá:Twitter Logo Mini.svg|mion]][[7 Aibreán]] [[2014]]: BritishMonarchy ‎@BritishMonarchy “Tá Londain bainte amach ag [[Uachtarán na hÉireann]] agus ag Bean Uí Uiginn, agus chuir ionadaí na Banríona fáilte rompu #Fáilte #CuairtStáit” Chuir cuntas oifigiúil [[Eilís II na Ríochta Aontaithe |Theaghlach Ríoga Shasana]] giolc amach i nGaeilge. Bhí Uachtarán na hÉireann, [[Mícheál D. Ó hUiginn]], agus a bhean ar cuairt i Sasana ag an am.
*[[Íomhá:Twitter Visual QR Code.png|clé|mion|144x144px]][[28 Deireadh Fómhair]] [[2014]]: [[Dara Ó Briain]] ‎@daraobriain “@extrastarsboss No, nil se, Ta teanga da chuid fein aici, agus an cultur a theann leis. Is trua nach dtuigeann tu sin.” Dúirt an cuntas @extrastarsboss le Ó Briain gur beag idir [[Éire]] agus [[Sasana ]]agus nach bhféadfadh sé a mhaíomh gur [[Imirce (daonra) |inimirceach]] i Sasana a bhí ann. D’easaontaigh Ó Briain go láidir leis.
*[[Íomhá:Twitschervogel01 derived from twitter-t.svg|mion]][[8 Nollaig]] [[2015]]: [[U2]] @U2 @TheNotoriousMMA “Beidh rírá agus ruaille buaille de satharn san Las Vegas! Éirí Conor Éirí ! @TheNotoriousMMA” Bhí an trodaí UFC [[Conor McGregor]] i [[Las Vegas]] agus ghuigh U2 gach rath ar McGregor.
 
Ar an [[21 Aibreán]] [[2015]], tháinig an leagan Gaeilge ar fáil. Cuireadh tús leis an tionscnamh mar thogra slua-aistrithe, mar a rinneadh le [[Facebook]], ach ar deireadh ní raibh ach foireann bheag d’[[Aistriúchán|aistritheoir]]í ag obair ar an togra<ref>[http://tuairisc.ie/twitter-i-ngaeilge-curtha-ar-fail-tri-thimpiste/ Tuairisc.ie ar 21 Aibreán 2015]</ref>.