An difríocht idir athruithe ar: "Colm Cille"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
 
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na [[Críostaíocht]]a agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i g[[Contae an Dúin]] agus i g[[Cúige Laighean]]. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Ultaibh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.
[[Íomhá:St Columba's church, Gartan, Donegal.jpg|clé|mion|Eaglais, [[Gartán]]]]
 
Ba dhóbair do Cholm Cille, áfach, nárbh é a shaint i léann a chaill é. Fuair sé iasacht leabhair ó Fhíonán, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, i Maigh Bhile, Baile Nua na hArda, Co. an Dúin, agus nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach, agus troideadh cath mór i g[[Contae Shligigh]] sular tháinig an scéal chun réitigh. Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "[[An Cathach]]" ar an gcóip sin den leabhar - agus chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in [[Alba]]in mar bhreithiúnas aithrí. B'ansin a bhunaigh sé an mhainistir in Oileán Í ([[Í Cholm Cille]]), agus b'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht agus an Ghaeilge i bhfairsinge ar fud na hAlban.
[[Íomhá:St Columba Stained glass window (15247749151).jpg|mion|[[fuinneog]] dhaite, [[Oileán Í]]]]
 
== Bás agus oidhreacht ==