An difríocht idir athruithe ar: "Port Láirge"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
daonra_thuathúil = 1,100.2/km2 |
}}
Cathair i ndeisceart [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] is ea '''Port Láirge''', agus í suite i g[[Contae Phort Láirge|contae]] atá ainmnithe aisti. Is í an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an gcúigiú ceann is mó sana tírtíre. B'iad na [[Lochlannaigh]] a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
 
Tugtar ainm Lochlannach ar Phort Láirge as Béarla, is é sin, ''Waterford'', a tháinig as ainm sean-Lochlainnise a scríobhfaí ''Veðrafjörður'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu. Is é [[Túr Reginald|Túr Raghnaill]] i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó ''Rögnvaldur'' as Íoslainnis. Is é an túr seo an cuimhneachán is sine dár fhág na Lochlannaigh ina ndiaidh in Éirinn a bhfuil ainm Lochlannach air i gcónaí, agus is air is fusa a aithnítear Port Láirge.
 
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh [[Contae Chill Chainnigh|Chontae Chill Chainnigh]].
 
[[Íomhá:Waterford by night.jpg|thumb|250px|Port Láirge agus [[An tSiúir|Abhainn na Siúire]] san oíche]]