An difríocht idir athruithe ar: "Íosa Críost"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: blanking Visual edit
Cealaíodh athrú 863530 le 87.34.162.2 (plé)
Líne 15:
| líonláithreán =
}}
Is é '''Íosa''' (t. 5 RCh – t. 30 AD) bunaitheoir an reiligiúin [[Críostaíocht|Chríostaí]], agus de réir theagasc na n-eaglaisí Críostaí, is é mac [[Dia|Dé]] a tháinig i measc na ndaoine le hé féin a íobairt in íocaíocht a bpeacaí-sean. Tugtar '''Íosa Críost''' air sa gcomhthéacs sin (ó יהושע [''Yĕhošūa‘''] na h[[Eabhrais]]e agus ó Χριστός [Christos] sa t[[Sean-Ghréigis]]). Tugtar '''Íosa Nasarthach''' nó '''Íosa Nazórach''' air freisin. Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall [[6 RC|6]]–[[4 RC]] go dtí tuairim AD [[29]]–[[33]]. Tá an chuid is mó de na saineolaithe saolta nó neamh-Chríostaí féin ar aon bharúil go raibh a leithéid de dhuine stairiúil ann agus Íosa Críost, gurbh as an Ghailíl dó, go raibh sé ina theagascóir creidimh ag dornán beag de [[Giúdachas|Ghiúdaigh]], agus gur céasadh ar an gcros é mar thuathghríosóir nuair a bhí [[Píoláit]] ina ghobharnóir Rómhánach ar an b[[Palaistín]].
ALAN SWEENEY
 
An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre [[Soiscéal|shoiscéal]] an [[Tiomna Nua]]. Is é an Tiomna Nua an chuid den [[Bíobla|Bhíobla]] a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh ([[Gníomhartha na nAspal]]) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha [[Naomh Pól|Naomh Póil]]. Is iad na Soiscéil an chuid is tábhachtaí den Tiomna Nua, agus iad ag teacht roimh an gcuid eile i ngach leagan den Tiomna.
 
Tá dearcadh na gCríostaithe bunaithe ar an tuiscint gurbh é Críost an [[Meisias]] a gealladh sa [[Sean-Tiomna]], agus gur musclaíodh ar ais chun saoil é i ndiaidh an bháis a fuair sé ar an gcros. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe go bunúsach gurbh é ionchollú Dé é agus gur tháinig sé aníos le tarrtháil spioradálta a bhronnadh ar na daoine agus le hiad a thabhairt chun athmhuintearais le Dia. Altanna creidimh eile de chuid na gCríostaithe a bhaineann leis is ea iad gur rugadh ó mhaighdean é, gur chuir sé míorúiltí i gcrích, gur chomhlíon sé tairngreachtaí an tSean-Tiomna agus go bhfuil sé le h[[ateacht]] a dhéanamh an lá is faide anonn le breith a thabhairt ar dhaoine beo agus ar dhaoine marbha.
 
Tugann na [[Ioslam|Moslamaigh]] urraim do Chríost mar fhear naofa agus mar dhuine de na [[Fáidh|Fáithe]], ach ní chreideann siad gurb é Mac Dé é. Is é teagasc na Moslamach, freisin, nach bhfuair sé bás ar an gcros, ach gur chuir Dia dallamullóg ar na daoine, ionas gur shíl siad amhlaidh.
 
== Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua ==
 
Thosaigh máthair Íosa, [[Muire]], ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'[[Naomh Iósaf|Iósaf]]. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí [[Beitheal]], nó bhí sé díreach ordaithe ag an [[Ágastas|Impire Rómhánach Ágastas]] muintir na h[[Impireacht na Róimhe|Impireachta]] go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir.
 
Nuair a bhí Iósaf agus Muire i mBeithil, saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir ([[an Triúr Saoithe]], a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí [[an Éigipt]]. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, [[Héaród]], chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.
 
I ndiaidh bhás Héaróid, d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i [[Nazarat]] sa [[An Ghailíl|Ghailíl]], áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.
 
Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, thosaigh cuid den phobal Ghiúdach agus dá chuid ceannairí ag cur ina choinne. Na ceannairí go háirithe, chuir siad eiriceacht ina leith. Chuir na [[Fairisínigh]], dream a raibh Íosa go minic ag lochtú a bhfimíneachta agus a mbéalchrábhaidh, a gcuid gearáin faoi bhráid [[Héaród Mór|Héaróid Mhóir]], agus ar deireadh thug Héaród, an rí Giúdach a bhí faoi smacht [[Impireacht na Róimhe]], cead dóibh an dlí a chur ar Íosa. Ghabh a chuid naimhde é i g[[Cnoc na nOlóg]] agus thug siad os comhair Cháiafas é, arbh é an t-ardsagart é agus é go tréan in aghaidh Íosa. Ansin dó, dúirt Íosa go hoscailte os comhair an ardsagairt agus lucht a leanúna siúd gurbh eisean Mac Dé agus gur féidir leis teampall [[Iarúsailéim]] a leagan agus a atógáil i dtrí lá. Chuir an méid seo fearg mhór ar Cháiafas agus na sagairt eile, agus daoradh Íosa chun báis mar dhiamhaslóir. Bhí Píoláit, an gobharnóir Rómhánach, sásta an bhreith sin a fhaomhadh agus a chur i gcrích. Céasadh Íosa chun báis ar an gcros i ndiaidh dó féin an chros a iompar go [[Calvaire|Cnoc Golgotá]] (Cnoc Chalbhaire, Áit an Chloiginn). Bhí sé trí bliana déag is fiche nuair a básaíodh é, agus meastar go raibh timpeall is trí mhíle duine de lucht leanúna aige faoin am sin. Deir an Bíobla gur aiséirigh sé ón mbás cúpla lá ina dhiadih sin.
 
<!--Naisc idirtheangacha-->
 
[[Catagóir:Íosa Críost| ]]
[[Catagóir:Daoine an Tiomna Nua]]