An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 21:
|céile =Maud Griffith
|}}
Polaiteoir [[Éire]]annach ab ea '''Art Ó Gríofa''', ''Art Ó Gríobhtha'' tráth, nó ''Arthur Griffith'' as [[An Béarla|Béarla]] ([[31 Márta]], [[1872]] - [[12 Lúnasa]], [[1922]]), a bhunaigh [[Sinn Féin]]. Chaith sé tréimhse ina uachtarán ar [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]] ó Eanáir go mí Lúnasa [[1922]], agus ba é a bhí ina cheann ar thoscaireacht na h[[Éire]]ann a shínigh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1921]].
 
== Óige ==
Ba i m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1872. Ba de shliocht Bhreatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na [[Bráithre Críostaí]]. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán ''[[The Nation]]'', agus bhí sé ar dhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionsclaíochta go luath sna [[1890í]]. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir sula ndeachaigh sé isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], agus i m[[Bráithreachas na Poblachta]] (an IRB). Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an [[Afraic Theas]] ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte. Thug sé tacaíocht do [[na Bóraigh]] ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón m[[Breatain]] agus bhí an-mheas aige ar [[Paul Kruger]].
 
Ar theacht ar ais go hÉirinn dó i [[1899]], bhunaigh sé nuachtán darbh ainm ''[[The United Irishman]]''. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar Pháirtí Parlaiminteach a linne, ach níor liobrálach ná [[sóisialach]] ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na [[Rúis]]e agus na [[Gearmáine]] níos fearr ná córas na Breataine. Bhunaigh sé eagraíocht darbh ainm [[Cumann na nGaedheal]] chun cur i gcoinne chuairt rí [[Shasana]] ar Éirinn i [[1904]].
Líne 31:
 
== Sinn Féin ==
[[Íomhá:Arthur Griffith 071022.jpg|clé|mion|10 Iúil 1922]]
D'fhógair Ó Gríofa go raibh [[Acht an Aontais]] idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas [[an Ríocht Aontaithe]] a fógraíodh in [[1801]]. D'fhoilsigh sé leabhar darb ainm ''[[The Resurrection of Hungary]]'' faoin dóigh a raibh démhonaracht ar bun idir [[an Ostair]] agus [[an Ungáir]]. Cé nár mhonarcach é féin, chreid Ó Gríofa go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi. Níor thug mórán daoine in Éirinn tacaíocht don smaoineamh áfach, mar gur theastaigh poblacht neamhspleách uathu. Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go [[Londain]] dá dtoghfaí chun na Parlaiminte iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.
 
Line 38 ⟶ 39:
 
== Cogadh na Saoirse ==
Toghadh Ó Gríofa ina [[Teachta Parlaiminte|bhall Parlaiminte]] (MP) don [[Chabhán]] Thoir i bhfothoghchán i lár [[1918]], agus bhí bua éasca ag Sinn Féin san olltoghchán an bhliain dar gcionn. Chuir teachtaí Shinn Féin [[Dáil Éireann]] ar bun mar pharlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus fógraíodh [[Poblacht na hÉireann]] in athuair. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse]] nuair nach n-aithneodh [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtas na Breataine]] an [[Dáil]]. Tar éis cúpla bliain den chogaíocht bhí sos cogaidh ann agus chuir an Dáil toscaireacht chun na Breataine chun réiteach a lorg.
[[Íomhá:Oriel House Arthur Griffith funeral.jpg|clé|mion|299x299px|Sochraid (roimh Teach Oriel)]]
Bhí Art Ó Gríofa i gceannas ar an toscaireacht agus fonn láidir air teacht chun réitigh. Shínigh sé Conradh nár thug [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchas]] iomlán d'Éirinn, agus a rinne críochdheighilt ar an tír, agus ní raibh [[Éamonn de Valera]] ná teachtaí eile sásta leis sin. Bhí teannas uafásach sa tír, d'éirigh de Valera as oifig mar uachtarán agus ghlac Ó Gríofa a áit, ach rinne an t-achrann an-dochar dá shláinte agus fuair sé [[bás]] de rith fola san inchinn ar an 12 Lúnasa 1922.
 
Scríobh [[Sean Ó Lúing]] beathaisnéis chuimsitheach faoi.
Line 44 ⟶ 47:
== Leabhair ==
 
* ''Art Ó Gríofa'', Seán Ó Lúing (Baile Átha Cliath 1953)
 
== Tagairtí ==