An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 24:
 
== Óige ==
Ba i m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1872. Ba de shliocht Bhreatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na [[Bráithre Críostaí]]. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán ''[[The Nation]]'', agus bhí sé ar dhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionsclaíochta go luath sna [[1890í]]. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir sula ndeachaigh sé isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], agus i m[[Bráithreachas na Poblachta]] (an IRB). Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an [[Afraic Theas]] ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte. Thug sé tacaíocht do na Bóraigh ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón m[[Breatain]] agus bhí an-mheas aige ar [[Paul Kruger]].
 
Ar theacht ar ais go hÉirinn dó i [[1899]], bhunaigh sé nuachtán darbh ainm ''[[The United Irishman]]''. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann|Pháirtí Parlaiminteach]] a linne, ach níor [[Liobrálachas|liobrálach]] ná [[sóisialach]] ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na [[Rúis]]e agus na [[Gearmáine]] níos fearr ná córas na Breataine. Bhunaigh sé eagraíocht darbh ainm [[Cumann na nGaedheal]] chun cur i gcoinne chuairt rí [[Shasana]] ar Éirinn i [[1904]].
 
Bhunaigh Ó Gríofa "Cumann na nGaedheal" ar an [[30 Meán Fómhair]] [[1900]] ([[Sinn Féin]] níos déanaí, comhcheangailte leis na ''Dungannon Clubs'')<ref>Boyce, D. George; O'Day, Alan (2004). [https://books.google.fr/books?id=68JG1dTxUcgC&pg=PA155&redir_esc=y#v=onepage&q&f=false Ireland in Transition], 1867-1921. Routledge. p. 155. <nowiki>ISBN 1134320000</nowiki>.
</ref>.
 
Ansin bhunaigh Ó Gríofa eagraíocht darbh ainm an ''National Council'' sa bhliain 1903 chun cur i gcoinne chuairt rí [[Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe]] ar Éirinn i [[1904]].
 
Chuaigh Cumann na nGaedheal i bpáirt le heagraíochtaí eile i [[1905]] agus bunaíodh Sinn Féin. Cuireadh an dlí ar pháipéar Uí Ghríofa, ''The United Irishman'' agus dúnadh é, ach thosaigh sé nuachtán eile faoin teideal Sinn Féin láithreach bonn. Páipéar laethúil a bhí ann go dtí gur cuireadh faoi chois é [[1914]].
Line 32 ⟶ 37:
== Sinn Féin ==
[[Íomhá:Arthur Griffith 071022.jpg|clé|mion|10 Iúil 1922]]
D'fhógair Ó Gríofa go raibh [[Acht an Aontais]] idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas [[an Ríocht Aontaithe]] a fógraíodh in [[1801]].

D'fhoilsigh Ó Gríofa [[leabhar]] darb ainm ''[[The Resurrection of Hungary]]'' faoin dóigh a raibh démhonaracht ar bun idir [[an Ostair]] agus [[an Ungáir]]. Cé nárnach mhonarcachraibh Ó Gríofa ina mhonarcaí é féin, chreid Ó Gríofa go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi.

Níor thug mórán daoine in Éirinn tacaíocht don smaoineamh áfach, mar gur theastaigh [[poblacht]] neamhspleách uathu.

Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go [[Londain]] dá dtoghfaí chun na [[Parlaimint|Parlaiminte]] iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.
 
== Éirí Amach ==