An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

no edit summary
 
Is éard atá san '''Idirnáisiúntas Sóisialach''' (nó '''IS''') ná eagraíocht idirnáisiúnta de [[páirtí polaitíochta|pháirtithe polaitíochta]] a sheasann don [[daonlathas sóisialach]] agus don t[[sóisialachastsóisialachas daonlathach]]. Tá foireann rúnaíochta an Idirnáisiúntais lonnaithe i [[Londain]]. I measc a chuid ballpháirtithe tá [[Páirtí an Lucht Oibre (Breatain)|Páirtí Lucht Oibre]] [[an Bhreatain Mhór|na Breataine Móire]], [[Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre]] ([[Tuaisceart Éireann]]), [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí Lucht Oibre]] [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]], [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Páirtí Sóisialta Daonlathach]] [[an Ghearmáin|na Gearmáine]], [[Sóisialaigh Daonlathacha Mheiriceá|Sóisialaigh Dhaonlathacha]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stát Aontaithe]], [[Páirtí Lucht Oibre na hAstráile|Páirtí Lucht Oibre]] [[an Astráil|na hAstráile]], [[Páirtí Nua Daonlathach]] [[Ceanada|Cheanada]], agus go leor eile.
 
== Stair ==
 
Téann stair an Idirnáisiúntais Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an [[Dara hIdirnáisiúntas]], sa bhliain [[1889]]. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntas seo nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntas na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain [[1923]] é. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. Ba ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.
[[Íomhá:Papandreou.png|mion|288x288px|Giorgos Papandreou]]
 
Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntas Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na [[An Phortaingéil|Portaingéile]] agus na [[An Spáinn|Spáinne]]. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais ag tacú leis na [[Saindinistithe]] i [[Nicearagua]], agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas [[na Stát Aontaithe]] a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntas an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón [[An Iodáil|Iodáil]] agus [[FRELIMO]] ó [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]].
 
Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntais Shóisialaigh is ea Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimintb[[Parlaimint na hEorpa|Pairlimint Eorpach]].
 
Sa bhliain [[2006]], is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseacht Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntas Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéalach a bhí san oifig chéanna ón mbliain [[1999]] ar aghaidh.
10,352

edits