An difríocht idir athruithe ar: "Dara Cogadh na mBórach"

no edit summary
m
}}
 
B'é '''Dara Cogadh na mBórach''' an [[cogadh]] a chuir [[an Bhreatain Mhór]] ar na [[Bóraigh]] ón [[11 Deireadh Fómhair|11ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair]], [[1899]], go dtí an [[31 Bealtaine|31ú lá de Mhí na Bealtaine]], [[1902]]. Bhí dhá [[Poblacht|phoblacht]] [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]] ag na Bóraigh, mar atá, an [[Saorstát Oráisteach]] agus [[Poblacht Transvaal]] (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an [[Impireacht Bhriotanach]]. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na [[Sasana]]igh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den [[Impireacht na Breataine|Impireacht]] díobh.
 
== Cúlra an Chogaidh ==
 
Nuair a thángthas ar [[ór]] in Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó [[Coilíneacht na Rinne|Choilíneacht na Rinne]]. D'fhás [[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] [[Johannesburg]] as an talamh thar oíche mar a bheadh sluma ann, agus na h''[[uitlanders]]'' (na strainséirí), mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir. I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na h''uitlanders'', d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na h''uitlanders'' ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil. Sa bhliain 1895, bhain [[Cecil Rhodes]] triail as, agus é ag maoiniú ''coup d'état'' i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.
 
I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na h''uitlanders'', d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na h''uitlanders'' ag lorg cabhrach ón [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtas Briotanach]], agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil.
Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as [[Leander Starr Jameson]] - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí ''Mauser'' le haghaidh a n-airm. San am céanna, bhí Impireacht na Breataine Móire go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.
 
Sa bhliain 1895, bhain [[Cecil Rhodes]] triail as, agus é ag maoiniú ''coup d'état'' i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.
 
Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as [[Leander Starr Jameson]] - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí ''Mauser'' le haghaidh a n-airm. San am céanna, bhí Impireacht na Breataine Móire go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.
 
Chuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i m[[Bloemfontein]] i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta. I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.
== Tús an Chogaidh: na Bóraigh ag Ionsaí (Deireadh Fómhair go Mí na Nollag 1899) ==
 
Thosaigh an cogadh ar an 11ú[[11 Deireadh Fómhair]] [[1899,]]. agus arAr dtús, b'iad na Bóraigh a d'ionsaigh Coilíneacht Natal agus Coilíneacht na Rinne idir Deireadh Fómhair 1899 agus Eanáir 1900. Bhí na Sasanaigh scaipthe go tanaí, agus na Bóraigh ag cúngú orthu go bagrach. Chuir siad na cathracha Mafeking agus Kimberley faoi léigear, agus ansin, d'fhág siad an chuid ba mhó de na trúpaí Sasanacha imshuite i Ladysmith. Bhí cuid mhaith sibhialtaigh fágtha sna cathracha sin, agus iad ag fulaingt go mór mór faoin mbombardú airtléire agus de cheal bia.
<!--
== An Chéad Bheart Eile: na Sasanaigh ag Ionsaí (ó Eanáir go Meán Fómhair 1900) ==
9,885

edits