An difríocht idir athruithe ar: "Dara Cogadh na mBórach"

 
Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as Leander Starr Jameson - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí ''Mauser'' le haghaidh a n-airm. San am céanna, bhí Impireacht na Breataine Móire go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.
[[Íomhá:Kruger old age.jpg|clé|mion|248x248px|Paul Kruger, timpeall 1900]]
 
[[Íomhá:Mafikeng Second Boer War.jpg|mion|233x233px|Mafikeng, 1899]]
Chuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i m[[Bloemfontein]] i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta. I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.
[[Íomhá:British casualties, Spionkop, 1900.jpg|mion|bhí an-chuid taismeach ag an arm Briotanach, Spionkoop 1900]]
I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.
 
Tuigeadh do Kruger nach seachnófaí an cogadh a thuilleadh. Chuir sé a fhógra deiridh féin chuig Chamberlain ina ndúirt sé go mbeadh dhá lá ag an mBreatain Mhór a cuid trúpaí a tharraingt siar ó theorainneacha Phoblacht Transvaal, agus mura dtarraingeodh, rachadh an dá phoblacht Bhóracha chun cogaidh.
[[Íomhá:Inniskillings al colle di Hart.jpg|mion|''Royal Inniskilling Regiment,'' Léigear Ladysmith]]
 
Níor ghlac na Sasanaigh an fógra deiridh seo i ndáiríre ar aon nós. Cúis gháire dóibh a bhí ann. Bhí siad inbharúla go raibh na Bóraigh ag síleadh an dúrud díobh féin, agus iad ag bagairt ar an impireacht ba mhó ar an domhan, an dá phoblacht bheaga acu. Maidir leis an bhfreagra, áfach, bhí na nuachtáin Shasanacha agus na polaiteoirí ar aon fhocal: má bhí an cogadh ag teastáil chomh géar sin ó na Bóraigh, bhuel, ní dhiúltódh an Impireacht faoina mian iad.
 
== Tús an Chogaidh: na Bóraigh ag Ionsaí (Deireadh Fómhair go Mí na Nollag 1899) ==
[[Íomhá:Afrikaner Commandos2.JPG|mion|buíon saighdiúirí comandó, Afrikaner ]]
 
Thosaigh an cogadh ar an [[11 Deireadh Fómhair]] [[1899]]. Ar dtús, b'iad na Bóraigh a d'ionsaigh Coilíneacht Natal agus Coilíneacht na Rinne idir Deireadh Fómhair 1899 agus Eanáir 1900. Bhí na Sasanaigh scaipthe go tanaí, agus na Bóraigh ag cúngú orthu go bagrach. Chuir siad na cathracha Mafeking agus Kimberley faoi léigear, agus ansin, d'fhág siad an chuid ba mhó de na trúpaí Sasanacha imshuite i Ladysmith. Bhí cuid mhaith sibhialtaigh fágtha sna cathracha sin, agus iad ag fulaingt go mór mór faoin mbombardú airtléire agus de cheal bia.
<!--
9,880

edits