Is éard is '''seicheamh aigéid núicléasaigh''' ann ná comharbas de litreacha a chuireann in iúl ord na núicléitídí laistigh de d' aigéad dí-ocsairibeanúicléasac (ADN) (''ag baint úsáide as GACT'') nó móilín (GACU) d'aigéad ribeanúicléasach (ARN). De réir choinbhinsiún, de ghnáth cuirtear seichimh i láthair ón 5'-críoch go dtí 3'-críoch. I gcomhair ADN, úsáidtear an snáithe polaraíochta. Toisc go mbíonn aigéid núicléasaigh de ghnáth ina pholaiméirí líneacha (neamh bhrainseach) is ionann an t-ord a shonrú agus struchtúr comhfhiúsach an mhóilín ar fad a shainmhíniú. Ar an gcúis seo, tugtar an 'bunstruchtúr' chomh maith, ar an seicheamh aigéid núicléasaigh.