An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Edison"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{glanadh}}
{{Bosca Sonraí Eolaí
|ainm =Thomas Edison
Line 16 ⟶ 15:
|}}
[[File:A Day with Thomas Edison (1922).webm|thumb|thumbtime=1|upright=1.1|{{en}} ''A Day with Thomas Edison'' (1922)]]
Ceapadóir agus fear [[gnó]] ab ea '''Thomas Alva Edison''' ([[11 Feabhra]] [[1847]] – [[18 Deireadh Fómhair]] [[1931]]), a rugadh i stát [[Ohio]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. B'eisean a chum sraith aireagán, agus bhí tionchar mór aige i rith an [[20ú haois]]. Bhí an [[bolgán solais]], an chéad [[ceamara teilifíse|cheamara teilifíse]] agus an [[fónagraf]] ar na haireagáin a cheap sé.
 
D'fhionn sé traschuradóir agus glacadóir don [[Teileagrafaíocht|teileagraf]] uathoibríoch (1871)<ref>Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéím 2011)</ref>, córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, [[fónagraf]] rathúil (1877), an chéad [[Lampa gealbhruthach|lampa]] [[Lampa gealbhruthach|gealbhruthach]] (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.
 
D'fhorbair sé an chéad fhearas lárnach chun [[Cumhacht|cumhacht leictreach]] a ghiniúint is a tharchur go forleathan. D'fhorbair sé [[Bataire|batairí]], agus d'eagraigh an chéad [[Iarnród|iarnród leictreach]].
 
Bhí 1,300 [[paitinn]] ag Edison.
 
== Aireagáin ==
* An [[fónagraf]]. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
* An [[micreafón]]. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
 
* '''[[Teirmianaic]]'''. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
* D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na [[Deartháireacha Lumière|deartháireacha Lumiere]], a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
[[Íomhá:Thomas Edison, 1878.jpg|clé|mion|Thomas Edison, 1878]]
 
== Oidhreacht ==
Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an [[19ú haois|19ú]] agus [[20ú haois]].
* Leag [[Alexander Graham Bell]] síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
* Thosaigh [[Arthur Edwin Kennelly]] ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
* Ó 1891, thosaigh [[Henry Ford]] ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{síol}}