An difríocht idir athruithe ar: "An Libia"

Content deleted Content added
Updade inf. from wiki (en)
Líne 45:
 
==Stair==
I ndiaidh do mhórchumhachtaí na h[[An Eoraip|Eorpa]] ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa [[19ú haois|naoú haois déag]], agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhórmhórfhormhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i [[1911]].
 
===Ré Gaddafi===
Bronnadh [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchas]] ar Libia i mí na Nollag [[1951]]. Bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal g[[Muammar Gaddafi|Cornal Gaddafi]], an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair [[1969]] go dtí 2011.
 
Córas ina raibh meascán den [[sóisialachas]] agus de [[Dlí|dhlí]] traidisiúnta [[Arabaigh|Arabach]] a bhunaigh Gaddafi ina raibh an pobal in ainm iad féin a rialadh. Ach go praiticiúil, [[deachtóireacht]] mhíleata a bhí sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde [[Iosrael|Iosraeil]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceá]] agus na [[An Bhreatain|Breataine]] ó tháinig sé i gcumhacht.
 
Rinne Gaddafi ionsaithe chomh maith ar [[Sead]] ar mhaithe le greim a fháil ar [[Mianadóireacht|mhianaigh]] luachmhara sa [[tír]] sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraiceh[[An Afraic|Afraice]] a aontú le chéile faoina cheannas féin.
* [[Éire]]. Chuir Gaddafi an-chuid armlóin ar fáil don [[Óglaigh na hÉireann|IRA]] in [[Éire|Éirinn]]
* [[Pan-Am|Lockerbie]]. Ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na h[[Albain|Alban]] sa bhliain [[1992]].
* [[Airm núicléacha]]. D'admhaigh an Libia sa bhliain [[2003]] go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na [[An Phacastáin|Pacastáine]], ach i ndiaidh deireadh a bheith curtha leis an tionscnamh sin bhí gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.
 
===Éirí amach, 2011===
Sa bhliain 2011, mar chuid den [[An tEarrach Arabach|Earrach Arabach]], thosaigh [[éirí amach]] sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. D'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Gadaffi agus, faoi cheannasaíocht na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] agus [[An Fhrainc|Fraince]], thug roinnt tíortha cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha.

Ar [[22 Lúnasa]] [[2011]] rinne na reibiliúnaigh a mbealach isteach sa [[Príomhchathair|phríomhchathair]] agus an lá ina dhiaidh sin bhris siad isteach i ndaingean Gaddafi sa chathair chéanna. D'éalaigh sé go dtí an chathair Sirte. Maraíodh ansin é ar [[20 Deireadh Fómhair]] [[2011]]. Bhí an chuid is mo den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiúnta de chuid na reibiliúnach... ar feadh cúpla seachtain.
 
===Ainrialachas, 2011 - inniu===