An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
|||
Líne 12:
An Rialtas Sealadach a tháinig i gcumhacht ina dhiaidh sin, ní raibh sé sásta scor den [[cogadh|chogadh]]. Is amhlaidh go raibh [[an Chéad Chogadh Domhanda]] in aghaidh na [[Gearmáin]]e á chur ag an Rúis i gcónaí, agus an Rialtas Sealadach buartha faoin tacaíocht a bhí ag teacht ón bh[[Frainc]] agus ó [[Shasana]].
[[Íomhá:Alexander Kerensky in 1917.jpg|clé|mion|[[Alexander Kerensky]], lúnasa 1917]]
Ní raibh an cogadh ag éirí leis an Rúis, áfach, agus bhí tuirse chogaidh le haithint san arm agus i measc na cosmhuintire. I Mí an Mheithimh, [[1917]], bhain [[Alexander Kerensky]], a bhí ina [[Aire Rialtas|Aire]] Cogaidh ar an Rialtas Sealadach san am sin, triail as mórionsaí le briseadh tríd an gcathéadan. Ní raibh aon mhaith sa mhórionsaí, nó d'fhan an cathéadan thoir in abar agus i bhfostú ina sheanáit ina dhiaidh sin féin, agus is é an t-aon toradh a bhí ar an iarracht ná gur cailleadh cuid mhaith saighdiúirí. Chothaigh an díomua seo míshástacht mhór i measc na [[saighdiúir]]í, rud a tháinig chun solais go soiléir, nuair a bhris scliúchais amach i g[[Cathair Pheadair]] (nó Petrograd, mar a thugtaí ar an gcathair san am) i dtús Mhí Iúil. Tháinig díorma millteanach de [[Mairnéalach|mhairnéalaigh]] faoi airm ó Kronstadt, bunáit [[Cabhlach cogaidh|chabhlaigh]] in [[Oileán]] Kotlin in aice le [[Cathair Pheadair]], tháinig siad go dtí an chathair agus iad ag éileamh go n-éireodh an Rialtas Sealadach as, agus go rachadh comhairlí neamhspleácha na saighdiúirí agus an [[lucht oibre]] - na Sóivéidí - i gcumhacht.
[[Íomhá:Stalin-Lenin-Kalinin-1919.jpg|mion|255x255px|Stalin, Lenin and Mikhail Kalinin, 1919]]
Nuair a bhí na círéibí seo curtha faoi chois, mhilleánaigh an Rialtas Sealadach na Boilséivigh fúthu, agus b'éigean do Vlaidimír Léinín agus Grigory Zinovyev, a gceannairí siúd, dul ar a seachnadh. Cé gurbh éigean do na Boilséivigh próifíl íseal a choinneáil go dtí Mí Mheán Fómhair, bhí stádas an pháirtí i measc radacaigh na heite clé chomh láidir is nach raibh sé in aon dainséar. Chuaigh dornán de Dhaonlathaigh Shóisialta ón eite chlé, agus iad in aghaidh an chogaidh, sna Boilséivigh i Mí Lúnasa. Bhí ról tábhachtach ag cuid acu siúd, go háirithe [[Leon Trotscaí]] agus Adolf Joffe, in imeachtaí Réabhlóid Dheireadh Fómhair.
[[Íomhá:General Kornilov and his staff.png|clé|mion|266x266px|[[Lavr Kornilov|Lavr Kornilov, lúnasa 1917]]]]
Eachtra eile a chuir luas leis an réabhlóid ab ea scéal Kornilov. Is é an rud a tharla, go bunúsach, gur fhéach [[Lavr Kornilov]], an ginearál a bhí díreach ceaptha mar ardcheannasaí míleata ag Kerensky, - gur fhéach sé leis an gcumhacht a shealbhú dó féin le lámh láidir. Bhain an bhagairt seo a leithéid de scanradh as Kerensky is go ndeachaigh sé i dtuilleamaí na mBoilséiveach le haghaidh cabhrach, agus thug sé, fiú, airm thine do na Gardaí Dearga Boilséiveacha, ionas go bhféadfaidís an phríomhchathair a chosaint ar shaighdiúirí Kornilov. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hairm sin de dhíobháil ar aon nós, nó i ndiaidh an iomláin, d'áitigh saighdiúirí na cathrach ar shaighdiúirí Kornilov gan an chathair a ionsaí. Mar sin féin, glacadh leis ina dhiaidh sin gurbh iad na Boilséivigh "cosantóirí na príomhchathrach", agus bhain siad an-stádas polaitiúil as an gcáil seo. Tháinig na hairm féin isteach áisiúil, ar ndóigh, agus ní rithfeadh leis na Gardaí Dearga ar aon nós iad a thabhairt ar ais do Kerensky.
Líne 22:
== Eachtraí ==
[[Íomhá:Exterminists' Rise in Power in Russia.png|clé|mion|312x312px]]
Ar an 23ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair [[1917]] de réir [[Féilire Iúil|Fhéilire Iúil]], nó ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna de réir an Fhéilire Ghréagóra, d'éirigh na Boilséivigh áitiúla faoi cheannas Jaan Anvelt amach i d[[Taillinn]], príomhchathair na h[[An Eastóin|Eastóine]], a bhí ina cúige de chuid na Rúise san am seo. Ar an 25ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair (an 7ú lá de Mhí na Samhna), tháinig Léinín amach i gceannas ar a chuid díormaí.
Bhí an Pálás Geimhridh á ghardáil ag [[Cosacaigh]], cathlán ban[[saighdiúir]]í, agus cór na n-ábhar oifigeach. D'fhorghabh na Boilséivigh an pálás ag a dó a chlog réamhnóna, agus gaireadh lá oifigiúil na réabhlóide den seachtú lá de Mhí na Samhna, de réir an fhéilire Ghréagóraigh. An cur síos oifigiúil a tugadh ar na himeachtaí ina dhiaidh sin i mbolscaireacht oifigiúil an Aontais Shóivéadaigh, rinne sé an dúrud d'fhorghabháil an Phálás Geimhridh, agus troid fhuilteach á cur os comhair an pháláis, ach le fírinne, níor cuireadh mórán in aghaidh na mBoilséiveach sa Phálás Geimhridh, ach oiread leis na foirgnimh oifigiúla eile. Roghnaíodh an lá sin thar aon lá eile, toisc go raibh toscairí agus ionadaithe na Sóivéidí - is é sin, na gComhairlí neamhspleácha a bhí curtha ar bun ag na saighdiúirí agus an lucht oibre go spontáineach - ag teacht le chéile ar an seachtú lá de Mhí na Samhna sa chathair, nó bhí an Dara Comhdháil Uile-Rúiseach s'acu le tosú ansin. Bhí na Boilséivigh ag tabhairt le fios nár shealbhaigh siad an chumhacht ach le hí a bhronnadh ar an gComhdháil sin. [[Íomhá:Red Guard Vulkan factory.jpg|mion|322x322px|Monarcha Vulkan]]
== Torthaí ==
Bhí sé chéad naonúr toscairí agus dhá scór (649) ar Dhara Comhdháil na Sóivéidí. Trí chéad deichniúr is ceithre scór acu (390), ba Bhoilséivigh iad,<ref>[http://encarta.msn.com/encyclopedia_761569348_3/russian_revolutions_of_1917.html Microsoft Encarta]</ref> agus thairis sin, bhí beagnach céad duine ann ag tacú le heite chlé na Réabhlóidithe Sóisialacha, comhghuaillithe na mBoilséiveach. Nuair a chualathas go raibh an Pálás Geimhridh forghafa, reachtaigh an Chomhdháil acht faoi aistriú na cumhachta ón Rialtas Sealadach go Toscairí na Saighdiúirí, na Scológ is an Lucht Oibre.
Mar sin, thug siad faomhadh oifigiúil don réabhlóid. Ina dhiaidh sin féin, bhí freasúra ann nár ghlac leis an aistriú cumhachta seo. Bhí lár agus eite dheas na Réabhlóidithe Sóisialacha suite siúráilte go raibh na Boilséivigh i ndiaidh an chumhacht a shealbhú go mídhlíthiúil, agus thréig siad an chomhdháil sular glacadh leis an acht. Nuair a bhí siad ag dul amach, scairt Trotscaí ina ndiaidh: "Níl ionaibh ach aonaráin thruamhéileacha. Tá bhur mbanc briste agus bhur bport seinnte. Téigí go dtí an áit is dual daoibh anois - carn aoiligh na staire!"
[[Íomhá:Bolshevikki juliste-Itä-Karjala.jpg|clé|mion|368x368px|Eagla thar lear]]
Ar an lá arna mhárach, cheap an Chomhdháil ''Sovnarkom'', nó Comhairle na gCoimiseár Pobail. B'é sin dúshraith an rialtais nua Shóivéadaigh. Thairis sin, reachtaíodh an tAcht Talún. Thug an t-acht seo faomhadh don dóigh ar shealbhaigh scológa tailte príobháideacha ar fud na Rúise le hiad a athroinnt eatarthu féin, le linn na réabhlóide. Bhí na Boilséivigh ag iarraidh an chuma a chur orthu féin go raibh siad ag seasamh do chomhghuaillíocht an lucht oibre agus na scológ, rud is bunús le siombaileachas an tsuaitheantais a roghnaíodh don Aontas Shóivéadach, mar atá, an t-ord agus an corrán.
Ina dhiaidh sin, rinne Boilséivigh áitiúla iarrachtaí chun an chumhacht a shealbhú i gcuideanna eile na Rúise. An áit a raibh na Rúisigh ina dtromlach, bhí ag éirí go maith leo. Maidir leis na [[Náisiúnachas|náisiúnaithe]] eile, áfach, bhí siad ag santú neamhspleáchais le fada an lá, agus ní raibh siad
Ar an bhfichiú lá de Mhí na Samhna, d'fhógair an Rada Poblacht Náisiúnta na hÚcráine, agus tacaíocht ag teacht ó Chomhdháil na Sóivéidí Úcráineacha. B'é ba toradh dó seo gur phléasc cogaíocht amach idir an rialtas Boilséiveach agus an Úcráin.
Line 38 ⟶ 47:
San [[An Eastóin|Eastóin]], arís, tháinig dhá rialtas ar an bhfód in iomaíocht le chéile. D'fhógair Dáil na hEastóine neamhspleáchas ar an [[28 Samhain]] [[1917]].
[[Íomhá:Jaan Anvelt 1925.jpg|mion|372x372px|Jaan Anvelt 1925]]
Ag an am céanna, thug rialtas Léinín aitheantas do rialtas Boilséiveachas Jaan Anvelt. Ní raibh fórsaí Anvelt ach i seilbh na príomhchathrach, áfach.
|