An difríocht idir athruithe ar: "Sex Pistols"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 22:
Go luath sa bhliain 1974, chuir Jones ina luí ar McLaren lámh cúnta a thabhairt don bhanna. Agus é ag teacht isteach mar bhainisteoir beag ná mór orthu, d'íoc McLaren an chéad seomra cleachtaidh a bhí acu. Glacadh Glen Matlock isteach mar dhord-ghiotáraí, mac léinn ealaíona a bhíodh ag obair anois agus arís ag Too Fast to Live, Too Young to Die. I Mí na Samhna, bhog McLaren go Cathair Nua-Eabhrac ar feadh tamall beag. Sular fhág sé an tír, bhí smaoineamh nua eile aige agus ag Westwood don tsiopa. Thugadar "Sex" air mar ainm, le béim úr nua ar "neamh-fhaisean" S&M. Tar éis seal caite aige ag bainistiú agus ag cur an bhanna na New York Dolls chun cinn ar feadh roinnt mhíonna, d'fhill McLaren ar Londain i Mí Bealtaine na bliana 1975. Le stíl agus meon radacach na bpuncanna i Lower Manhattan mar spreagadh aige - Richard Hell ón ghrúpa Television ach go háirithe - shroich McLaren an fód dúchais le ní ba mhó spéise ná riamh sa bhanna The Strand.
Idir an dá linn, bhí an banna ag cleachtadh le chéile go minic, le cara
Bhí McLaren i dteagmháil le Sylvain Sylvain de chuid na New York Dolls, ag impí air teacht go Sasana chun a bheith ina amhránaí. Nuair a thit an tóin as an scéim seo, thosaigh gach dóibh ag lorg amhránaí áitiúil. Mar a dúirt Matlock: "Bhí gruaig fhada ar gach duine ansin, fear an bhainne fiú, dá mbeadh gruaig ghearr ag duine éigin, stadfaimis iad sna sráideanna agus d'iarrfaimis ar mhaith leo a bheith ina n-amhránaithe". I measc na ndaoine a bhuaileadar leis sa chaoi seo ná Midge Ure, a bhí gnóthach lena bhanna féin Slik. Tugadh triail do Kevin Rowland chomh maith, fear a chuirfeadh an banna úd Dexys Midnight Runners le chéile trí bliana ní ba dhéanaí, ach ní dheachaigh i gcion ar éinne ach Matlock. Agus iad ag streachailt leis an obair, cuireadh scairt ar Richard Hell, ach dhiúltaigh seisean an cuireadh.
I Mí Lúnasa 1975, tháinig siad ar fear óg naoi mbliana d'aois John Lydon, a bhí le feiceáil go rialta ar Kings Road. Bhí t-léine de chuid Pink Floyd á chaitheamh aige ar an lá úd, ach leis na focail "I hate" scríofa go garbh air agus le poill
Ag cuimhneamh na laethanta seo ní ba dhéanaí, dúirt Lydon: "Áit ghruama ar fad a bhí sa Bhreatain na luath-seachtóidí. Bhí sé dulta ó rath amach is amach, le bruscar ar na sráideanna, dífhostaíocht iomlán - bhí beagnach chách ar stailc. Tógadh gach duine i gcóras oideachais a d'inis duit go neamhbhalbh nach raibh dóchas nó ionchas gairme ar bith agat, má thagann tú ó thaobh mí-cheart an tsaoil".
|