An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Dubh Ó Néill"
Content deleted Content added
m róbat ag baint: en:Aodh Dubh Ó Néill (missing) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Western Tower, Clonmel's Town Wall..jpg|mion|Cluain Meala, na ballaí]]
Nia le h[[Eoghan Rua Ó Néill]] ab ea '''Aodh Dubh''', [[1611]]–[[1660]], agus mac le h[[Art Óg Ó Néill]]. Sa [[Bhruiséil]], in Ísiltír an Spáinne, a rugadh é. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint [[Cluain Meala|Chluain Meala]] nuair a d'ionsaigh [[Oilibhéar Cromail]] an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.
In aon lá amháin troda an [[8 Bealtaine]], [[1650]], chaill Cromwell breis is 3,000
Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun a bheith i gceannas ar chosaint [[Luimneach|Luimnigh]] ar nia Cromwell, [[Henry Ireton]], sa bhliain [[1650]]-51. D'éirigh leis an gcosaint sa chéad ionsaí a dhein na Sasanaigh ar Luimneach sa bhliain [[1650]], agus bhí ar Ó Néill géilleadh sa bhliain [[1651]] mar bhí daonra na cathrach ag fáil bháis den ocras is den ghalar. Nuair a ghéill Luimneach, deineadh príosúnach d'Aodh Dubh, ach dhein sé é féin a chosaint chomh maith sin nár crochadh é, mar a tharlaíodh le ceannairí eile na nGael sa tréimhse chorraithe úd. Cuireadh go [[Londain]] é, marar chaith sé cúpla bliain sa phríosún i d[[Túr Londan]].
[[Íomhá:Henry Ireton2.jpg|clé|mion|Henry Ireton]]
Scaoileadh saor é nuair a léirigh Ambasadóir na [[Spáinne]] go Sasana gur ghéillsineach Spáinneach é Aodh Dubh. Chuaigh sé chun na Spáinne, marar ceapadh ina ghinearál airtléire é, is marar chuir sé éirí amach sa [[An Chatalóin|Chatalóin]] faoi chois. D'aithin an Spáinn mar 5ú Iarla Thír Eoghain é. Sa bhliain [[1660]], agus [[Séarlas II Shasana|Charles II]] ar ais mar rí ar Shasana, dhein Aodh Dubh iarratas go dtabharfaí ar ais tailte a shinsear i d[[Tír Eoghain]] dó, ach dhiúltaigh an rí Sasanach dá iarratas, agus fuair sé bás níos déanaí an bhliain sin.
|