An difríocht idir athruithe ar: "Jules Laforgue"

file Francach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'File siombalaíoch Francach ab ea '''Jules Laforgue'''. Do rugadh é i Montevideo, príomhchathair Uragua, ar an 16ú lá de Lúnasa sa mbliain 1860, agus do fuair sé...'
(No difference)

Leagan ó 00:01, 28 Deireadh Fómhair 2017

File siombalaíoch Francach ab ea Jules Laforgue. Do rugadh é i Montevideo, príomhchathair Uragua, ar an 16ú lá de Lúnasa sa mbliain 1860, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince ar an 20ú lá de Lúnasa sa mbliain 1887. Tá clú ar Laforgue mar dhuine dóibh siúd a chum an vers libre (Gaeilge: saormheadaracht) agus a chuir an tsaormheadaracht seo chun cinn i bhfilíocht na Fraince. Ina chuid filíochta, meascann Laforgue dearcadh doirbh ar an saol, doilbhe, greann agus ceol na gnáthteanga labhartha.

Is cosúil gurb é an cnuasach filíochta Les Complaintes (Gaeilge: 'Na Caointe') an saothar is cáiliúla de chuid Laforgue. Anuas air an gcnuasach san, do scríobh sé scéalta i bprós - Moralités légendaires (Gaeilge: 'Ceachtanna Finscéalacha')- agus do chuir sé Fraincis ar Leaves of Grass, an saothar mórcháiliúil de chuid Walt Whitman. Ba í an Nouvelle revue francaise (Gaeilge: 'Nua-Iris Francach') a d'fhoilsigh an t-aistriúchán san sa mbliain 1918 agus Feuilles d'herbe an teideal a bhí air.