An difríocht idir athruithe ar: "Martin Luther"

Content deleted Content added
Líne 31:
Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í<ref>Panu Hoglund, [https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/ 10.4.2017] https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/</ref>.
 
Chuir Liútar [[Gearmáinis]] ar an m[[An Bíobla|Bíobla]]. Rinne sé a dhícheall le [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar [[Teanga (cumarsáid)|theanga]] [[Litríocht|liteartha]].
[[Íomhá:Luther-Catechism-1560-Leipzig.png|mion|Caiticeasma, 1560, Leipzig]]
Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcoimhthéacsgcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí ''Gemeines Deutsch'' nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.
 
== Gaeilge ==