Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
|teangacha_oifigiúla=[[An Chasaicis|Casaicis]] agus [[An Rúisis|Rúisis]]
|cineál_rialtais =[[Poblacht]]|
|teidil_na_gceannairí =[[Uachtarán na Casacstáine|Uachtarán]]<br />[[Príomhaire na Casacstáine|Príomhaire]]|ainmneacha_na_gceannairí=[[Nursultan NazarbayevNazarbaev]]<br />[[Karim Massimov]]
|cineál_ardcheannais =[[Neamhspleáchas]]
|tarluithe_bunaithe =
|fonótaí=}}
 
Is í '''an Chasacstáin''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''Kazakhstan'', [[An Chasaicis|Casaicis]]: ''Қазақстан/Qazaqstan'', [[An Rúisis|Rúisis]]: ''Казахстан/Kazakhstán'') an tír is mó i lár na hÁise. Is í [[Astana]] príomhchathair na tíre. Cathair nua atá ann nach bhfuil ina príomhchathair ach ón mbliain [[1997]] anuas. Is í [[Almaty]] an iar-phríomhchathair. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain [[1991]], agus is é Nursultan NazarbayevNazarbaev atá ina Uachtarán ón am sin anuas. Sna toghcháin i Mí na Nollag 2005, fuair NazarbayevNazarbaev níos mó ná 90 % de na vótaí, ach má fuair féin, cháin na monatóirí idirnáisiúnta an toradh seo, agus iad den bharúil nár comhlíonadh an caighdeán idirnáisiúnta ó thaobh an daonlathais de.
 
Is í an [[An Chasaicis|Chasaicis]] "teanga stáit" na tíre, ach san am céanna, is í an [[An Rúisis|Rúisis]] an "[[teanga oifigiúil]]", agus í á labhairt go forleathan sa tír, go háirithe mar fhrancbhéarla idir na dreamanna eitneacha éagsúla.
== Stair ==
Tá áitreabh daonna sa Chasacstáin ón gClochaois anuas. Sa chuid ba mhó den tír, ba lucht fáin iad na cónaitheoirí, agus iad ag taisteal timpeall ar lorg féaraigh dá gcuid ainmhithe. Is é is dóigh lena lán staraithe gurb anseo ba thúisce a ceansaíodh an capall. Cé go raibh seanchathracha cosúil le [[Taraz]] agus Hazrat-e-Turkestan ina stáisiúin thábhachtacha acu siúd a bhí ag leanúint [[Bóthar an tSíoda|Bhóthar an tSíoda]] i dtreo na [[An tSín|Síne]], níor thosaigh an comhdhlúthú polaitiúil i ndáiríre sula ndearna na Mongólaigh ionradh ar na bólaí seo i dtús na tríú haoise déag. Faoi cheannas na Mongólach, roinneadh an Chasacstáin ina cúigí nó ina ceantair riaracháin, agus sa deireadh, tháinig Mathshlua Ak, nó Cánacht na gCasacach, ar an bhfód, mar chineál stát.
[[Íomhá:Nursultan Nazarbayev 1997.jpg|mionsamhail|clé|[[Nursultan Nazarbayev -Nazarbaev]], Uachtarán na Casacstáine]]
 
San am seo, bhí na Casacaigh ag cloí lena sean-nósanna traidisiúnta ag fánaíocht timpeall sa steip. Sa [[15ú haois|chúigiú haois déag]], thosaigh cineál comhfhéiniúlachta nó féiniúlacht náisiúnta ag forbairt i measc na dtreibheacha fánacha. Nuair a meascadh na canúintí Turcacha éagsúla tri chéile leis an gCasaicis a dhéanamh, bhí an fhorbairt seo críochnaithe. Mar sin féin, bhí an réigiún ina chnámh spairne idir na taoisigh dhúchasacha agus lucht labhartha na Peirsise ó dheas. I dtús na seachtú haoise déag, bhí an tír á streachailt as a chéile agus na treibheacha, nó na Mathshluaite, éagsúla in achrann a chéile. D'fhág an t-easaontas polaitiúil seo na Casacaigh an-lag, agus tháinig na treibheacha eile ag glacadh a mbuntáiste féin air seo. Sna [[1720í|1720idí]], d'ionsaigh na Dzungáraigh, treibh Mhongólach, an Chasacstáin, ach bhí Abul Khair Khan agus an Mathshlua Beag, a bhí faoina cheannas, - bhí siad ábalta an cath a bhriseadh ar na hionsaitheoirí.
== Cultúr ==
Tá cultúr suimiúil tar éis teacht chun cinn i Casacstáin toisc an nascadh idir cultúir na Casacstáine, cultúr na Rúise agus cultúr na tSíne. Ó thaobh bia de itear béilte déanta suas as caoireoil agus capall. An béile a fheictear ba mhinicí i gCasacstáin ná Besbarmak, béile ina itear chuid is mó de caora le daoine áirithe ag ithe codanna áirithe den caora, ar nós itheann na pháistí na duáin agus an chroí. Itheann siad ispíní déanta as feoil chapaill go minic darbh ainm kazy nó shuzhuk.
Tá chursaí na meáine fíor chonspóideach go hidirnáisiúnta le hiriseoirí toisc cé go bhfuil sé i bhfad níos saoire ná tíortha eile sa réigiún, cheaptar gur bhréag í seo agus nach bhfuil mórán saoirseacht ag na meán. Chúis amháin go gcreideann daoine seo ná gur leis iníon Narsultan Nazabayev, Dariga Nazarbayeva, an chuid is mó de na meáin. Tá chuid mhaith cinsireachtcinsireachta ar siúl ar an idirlíon sa tír.
GhnéGné mórmhór i saol muintirmhuintir Chasacstáinna Casacstáine ná a gceol. FeictearCloistear ceol traidisiúnta go minic sa tír, ach go háirithe faoin tuath. Gléas an coitianta sa cheol traidisiúnta ná an dombra mar a fheictear sa pictiúr den stampa. Tá muintir na Chasacstáine ag seinnt an dombra, liúit fada le dhá sreanga. Gléas eile a fheictear i gCasacstáin go minic ná fidil darbh ainm an Qobyz. Tá athbheochan cheoil traidisiúnta ar siúl le déanaí agus tá ag éirí go maith leis. Is gá go ndéanfadh siad seo toisc gur bhunaigh na Rúisigh agus na Sóivéadaigh roinnt mhaith ceoláraisí claisiceacha timpeall na tíre.
I ndiadh dóibh neamhspleáchas a fháil, bhí an chuid deacrachtaí acu foireann spóirt rathúil a chur chun cinn, ach le dornáilíocht tá siad tar éis spórt a aimsiú a tá roinnt dóibh iontach aige agus tá siad tar éis cliú agus cáil a fháil toisc a scil ag dornálaíocht. I 1996 agus 2004 bhuaigh Chasacstánaigh an Chorn Val Barker, Chorn a thugtar don dornálaí is sciliúil sna Cluichí Olimpeacha. I 2000 Bhuaigh dornáilithe na Casacsaine dhá bhonn óir agus dhá bhonn airgid.
 
21,477

edits