An difríocht idir athruithe ar: "An Mháltais"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 14:
|rialtóir=[[Il-Kunsill Nazzjonali ta' l-Ilsien Malti]] (Comhairle Náisiúnta na Máltaise)
|iso1=mt|iso2=mlt|iso3=mlt}}
Is í an '''Mháltais''' an teanga a labhraíonn muintir dhúchasach [[Málta|Mhálta]]. Go bunúsach, canúint Araibise a bhí ann ó thús, agus í cosúil le canúintí Araibise Iarthuaisceart na hAfraice, ach ó tharla gur chaill an t-oileán an ceangal cultúrtha agus reiligiúnda leis an saol Arabach, chuaigh an chanúint áitiúil a bealach féin. Tháinig na mílte focal iasachta isteach ón [[An tSicilis|tSicilis]], ón [[An Iodáilis|Iodáilis]] agus ón [[An Béarla|mBéarla]], agus chuir siad athrú cosúlachta ar an teanga go hiomlán. Inniu, tá an Mháltais chomh breac le focail iasachta is gur féidir leis an Iodálach cuid mhaith céille a bhaint aisti, siúd is nach dtuigeann sé an chuid is bunúsaí den teanga.
 
Is í an Mháltais an t-aon teanga dhúchasach [[Teangacha Afráiseacha|Afráiseach]] amháin a labhraítear san [[An Eoraip|Eoraip]], agus is í an t-aon teanga [[Teangacha Seimíteacha|Shéimíteach]] amháin a bhaineann úsáid as an [[aibítir Laidineach]]. Ní raibh ann, thar na céadta bliain, ach canúint labhartha, nó ba rogha leis na daoine a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh as Araibis, as Iodáilis nó as Béarla. Níor caighdeánaíodh í ach i dtús na fíchiú haoise. Rinneadh teanga oifigiúil di, in áit na hIodáilise, sa bhliain 1936, nuair a bhí muintir an oileáin ag éirí buartha faoi [[Faisisteachas|Fhaisisteachas]] na hIodáile. Bhí an deachtóir [[Benito Mussolini]] den bharúil gur Iodálaigh ab ea muintir Mhálta, agus theastaigh uathusan a thaispeáint nárbh ea in aon chor.
 
Tá cuid mhór de ghramadach na Máltaise bunaithe ar chóras na dtamhan tríchonsanach i gcónaí, cosúil leis an [[An Araibis|Araibis]]. Féach an dóigh a réimnítear an briathar úd ''qatel'', "mharaigh sé", cuir i gcás:
 
''qtilt'' = mharaigh mé
Líne 38:
Ní féidir an córas seo a chuir i bhfeidhm ar na briathartha iasachta, áfach; agus mar sin, ní chuirtear ach iarmhíreanna agus réimíreanna leo. Mar sin, is féidir foirmeacha cosúil le ''nimmonopolizzaw'' = "tá muid ag monaplú" nó ''jiddawnlowdja'' = "tá sé ag íoslódáil" a fheiceáil i dtéacsaí Máltaise, ina bhfuil iarmhír ''agus'' réimír Shéimíteach curtha timpeall ar fhocal de bhunús na hIodáilise nó an Bhéarla. Bíonn iasachtaí Béarla an-choitianta inniu, cosúil le ''grawnd ta'l-isports'' = páirc lúthchleas (ó ''sports ground'' an Bhéarla).
 
Feictear na litreacha neamhghnácha Ċ, Ħ, agus Ż sa Mháltais. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le CH an Bhéarla, agus is ionann an dara ceann acu agus CH leathan na [[An Ghaeilge|Gaeilge]]. An délitir GĦ, áfach, ní bhíonn ann ach comhartha stairiúil nach bhfuaimnítear ar aon nós, siúd is go gcuireann sí le fad an ghuta atá ag teacht roimpi. Ní fhuaimnítear an litir H ach an oiread. Is ionann Ż na Máltaise agus Z an Bhéarla, nó is mar Z na hIodáilise (= [ts] nó [dz]) a fhuaimnítear an litir Z gan phonc sa Mháltais. Is ionann, arís, X na Máltaise agus SH an Bhéarla. Maidir leis an Q, is mar phléascach glotais a fhuaimnítear é, is é sin, cosúil leis an litir T i bhfuaimniú na canúna ''Cockney'' i bhfocail ar nós "bottle" (is é sin, "bo'l").
 
Fuair an Mháltais stádas oifigiúil san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], nuair a bhain Málta amach ballraíocht san Aontas.
 
Cé gur teanga réasúnta beag í an Mháltais, tá cuid mhaith canúintí ann. An cineál Máltaise a labhraítear in Oileán Għawdex, ach go háirithe, tá sí an-difriúil leis an leagan oifigiúil den teanga, agus bíonn sí dothuigthe ag muintir [[Vaileite]] go minic. In Oileán Mhálta féin, áfach, bíonn difríochtaí suntasacha idir na canúintí, agus blas ar leith ar an gcineál Máltaise, abair, a labhraítear in [[Il-Kottonera]]. Sa teanga chaighdeánach féin, tá sé ceadaithe cloí le do chanúint i miontréithe áirithe: mar shampla, i bhfocail mar ''laqgħu'' "d'fháiltigh siad", is féidir an ''-għu'' a fhuaimniú mar [eu] nó mar [ou], de réir do chanúna féin.
Líne 52:
===Ceanada===
 
I 2011 bhí [[Máltais]] an máthairtheanga do 6,220 duine shíos ó 6,405 i 2006 i [[Ceanada|gCeanada]].
 
== Léigh freisin ==